
Beidh féile cheoil agus ealaíon nua, Croílár, ar siúl i mBaile Átha Luain an deireadh seachtaine seo. Beidh an t-imeacht ar siúl i ndeich n-ionad ó Dé hAoine an 4 go dtí Dé Domhnaigh an 6 Aibreán. Beidh imeachtaí éagsúla ar siúl i dtithe tábhairne, séipéil, limistéir lasmuigh, agus gailearaithe comhaimseartha. Beidh thart ar chaoga ealaíontóir ann.
Tá an fhéile lán le himeachtaí Gaeilge ar nós tob-Ghaeltacht, ceardlann chéilí, agus scéalta ó ‘Sheanchoíche’. I measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm tá David Kitt, Aoife Nessa Frances agus Dominda. Chomh maith leis sin, beidh ióga, rince, bia áitiúil, ealaíona agus ceardaíocht, agus fuirseoireacht ar na boinn. Beidh rud ann do gach duine a bhfuil suim ar bith acu sna healaíona.
Chruthaigh grúpa as lár na tíre an fhéile nua seo chun a bpaisean do na healaíona a roinnt. Tá grúpa sé dhuine dhéag ag eagrú na hócáide seo. Bhí siad ag iarraidh na tallannacha áitiúla a cheiliúradh agus daoine a bhailiú le chéile chun lúcháir a roinnt.
Dúirt na cruthaitheoirí gurb é aidhm na féile aird a tharraingt ar thallann na hÉireann atá ag teacht chun cinn trí ardán a thabhairt dóibh. Ceapann siad gur áit chruthaitheachta, phobail agus chaidrimh é Baile Átha Luain. Is é an aidhm atá acu an fhéile nua seo a bheith chomh rathúil leis an bhféile cheoil Other Voices sa Daingean.
Fógraíodh an fhéile le cóisir sheolta i mí na Samhna. Ó shin, tá níos mó airde faighte aice le níos mó ná 1,700 leantóirí ar leathanach Instagram na féile. Is ócáid ghnóthach a bheidh ann agus tá na ticéid mhochóirí díolta amach. Táthar ag súil go n-éireoidh leis an bhféile seo mar is bealach iontach í chun daoine a thabhairt le chéile chun na healaíona a cheiliúradh.