Ceiliúradh 90 bliain Ráth Chairn: Pobal beag, croí mór

Mór an t-achar ama é nócha bliain, deich mbliana agus ceithre scór, áireamh trí ghlúin, más maith leat. Is mór agus is fiúntach an fhís a mhairfeadh an fad sin.

Nuair a bhí cúlú eacnamaíoch ann i dtús na 1930í, tháinig grúpa daoine óga le chéile i nGaeltacht Chonamara a thug ‘Muinntir na Gaeltachta’ orthu féin. Ceann de na haidhmeanna acu talamh a fháil dóibh féin agus dá muintir faoi scéim Choimisiúin na Talún. Mar chuid den fheachtas d’eagraigh siad turas rothair as Conamara go Baile Átha Cliath sa bhliain 1934. Chuaigh an feachtas i gcion. Faoi earrach 1935, bhí talamh réitithe ag Coimisiún na Talún, iarratais lorgtha agus measta, agus feirmeacha idir 20 agus 22 acra dáilte ar theaghlaigh as Conamara, Ceantar na nOileán go háirithe, i gceantar Ráth Chairn, ceithre chiliméadar ó dheas ó Bhaile Átha Buí i gContae na Mí.  Tháinig na cheád teaghlaigh aimsir na Cásca 1935, grúpa eile sa bhliain 1937, teaghlaidh eile sna caogaidí. Tá daoine ag teacht ó shin, tuilleadh faoi sin i gceann nóiméid.

Sa bhliain 1967, tar éis tuilleadh agóidíochta agus feachtasaíochta, baineadh aitheantas Gaeltachta amach. Sa bhliain 1973 bunaíodh comharchumann agus Pádraic Mac Donncha mar bhainisteoir air. I mbliana, 2025, tá pobal Ráth Chairn ag ceiliúradh 90 bliain ar an bhfód agus iad ag cuimhneamh go háirithe ar na chéad teaghlaigh a lonnaigh ann.

Faoi láthair tá muintir óga an cheantair ag iarraidh tithe a thógáil agus cónaí san áit ar rugadh agus ar tógadh iad. Tá daoine eile fós ann a bhfuil Gaeilge acu agus ar spéis leo clann a thógáil le Gaeilge ag iarraidh teacht. Ach de bhrí nach dtugann rialacha pleanála na comhairle contae tosaíocht don Ghaeilge in iarratais phleanála níl sé éasca ag Gaeilgeoirí cead pleanála a fháil, go háirithe má tá siad ag obair lasmuigh den Ghaeltacht, mar atá cuid mhór daoine sa lá atá inniu ann. Má tá nócha bliain eile roimh phobal beag seo an chroí mhóir, agus níl fáth ar bith nach mbeadh ag cur san áireamh fhís, dhíograis agus dhílseacht na ndaoine, caithfear tosaíocht a thabhairt don Ghaeilge sna rialacha pleanála.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.