Bréagscéalaíocht Iosrael faoina slad ar oibrithe Cabhrach 

Cathal Ó Murchú

Ar an 23 Márta scaoil Arm Iosrael urchar le 15 chéad fhreagróir i gconbhua gluaisteán agus iad ag gluaiseacht chun cabhair a chur ar fáil do phobal Gaza san olltubaiste daonna atá ar siúl ansin i láthair na huaire. Mharaigh siad na hoibrithe uile, ansin chaith siad uathu na corpáin agus agus d’adhlaic siad iad in olluaigh eádomhain. Palaistínigh áitiúla ó Gaza a bhí sna oibrithe seo, ach iad aitheanta go hidirnáisiúnta mar gharchabhróirí bailí de chuid Chumann an Chorráin Dheirg sa Phalaistín agus Cosaint Shibhialta Limistéar Gaza.

Chuaigh an bhuíon oibrithe in otharchairr agus in innill dóiteáin chun cabhrú le híospartaigh ó spéirionsaí de chuid eitleáin chogaidh Iosrael. Mhaígh na hIosraelaigh gur bhain cuid den bhuíon le Hamas, cé nach bhfuil aon fhianaise ann a thacaíonn leis an líomhain seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.