Tá ceann de na hoícheanta is tábhachtaí agus is suimiúla sa bhliain ag druidim linn ó thaobh bhéaloideas na hÉireann de, Oíche Bhealtaine.
Agus í ar fhéile de cheithre mhórfhéile Cheilteacha na bliana, bíonn roinnt tréithe i gcoitinne ag Bealtaine le Samhain, le hImbolc agus le Lúnasa. Déantar iad go léir a cheiliúradh ar oíche na féile go príomha, mar ab iondúil sa tseanré Cheilteach nuair a chreidtí gur thosaigh an lá le luí na gréine, seachas lena héirí.


Chreidtí go forleathan in Éirinn go mbíodh an t-achar idir an saol seo agus an saol eile i bhfad níos lú thart ar fhéile na Bealtaine, agus gur mhór an spórt a bhíodh ag na sióga an tráth seo den bhliain dá bharr. An rud ab fhearr ar fad leis na daoine maithe, de réir thuiscint na ndaoine, ná bob a bhualadh ar dhaoine daonna agus an t-im a ghoideadh uathu ar oíche na féile seo.
Is aisteach dúinn an coincheap úd anois sa saol nua-aimseartha, agus d’fhéadfadh léitheoir na linne seo an t-alt seo a léamh agus íomhá a chumadh ina chloigeann de Chlingín Cloig ar a teitheadh go Tír na Deo agus tobán Connacht Gold faoina hascaill aici, b’fhéidir. Ach ní mar sin a bhíodh an tuiscint fadó, dar ndóigh.
Is éard a bhí i gceist le goideadh an ime, ná go bhféadfadh sióg, nó comharsa ghránna, geis a chur ar bhainne daoine eile le go dteipeadh ar an im nuair a bheidís á maistreadh. Buille tubaisteach a bheadh sa mhéid seo do dhaoine, a bhíodh ag brath go mór ar an ioncam breise a thagadh ón im a dhíol.
Níl haon ionadh dá bhrí sin, go mbíodh fonn ar dhaoine iad féin a chosaint óna leithéid de gheasa agus is iontach na gnásanna a bhíodh á gcleachtadh ar mhaithe leis an mbainne a chosaint. Ó theacht na Críostaíochta, bhíodh ról mór ag uisce coisricthe sna gnásanna seo agus ba nós coitianta é na ba agus na cuinneoga a choisreacan ar oíche na féile, agus ó Lá Fhéile Bríde amach bheadh crosóg Bhríde ar crochadh os cionn dhoras an chró leis na hainmhithe a chosaint chomh maith.
Traidisiún níos sine a bhfuil rian na págántachta ann ba ea go gcreidtí go mbíodh cosaint ar leith ag baint le bláthanna buí na Bealtaine agus go gcuirfidís cosc ar na sióga díobháil a dhéanamh. D’úsáidtí bláthanna éagsúla i gceantair éagsúla, ach d’úsáidtí an lus buí Bealtaine (caltha palustris), an sabhaircín (primula vulgaris), an bainne bó bleachtáin (primula veris), cam an ime (ranunculus acris) agus bláthanna aitinn (ulex europaeus) go minic, i measc eile. Bhailítí na bláthanna seo agus leagtaí iad ar leac na bhfuinneog agus an dorais agus ar thairseach an chró. In áiteanna ar leith sa tír, chuirtí iad ar crochadh ó eireabaill na mbó go fiú!
Síltear anois gur ó iomrall na comhbhá a tháinig an gnás seo, is é sin gur mheastaí go raibh nasc idir na bláthanna buí seo agus an t-im, toisc an dath céanna a bheith orthu agus na bláthanna sin a bheith ag teacht faoi bhláth tráth mbíodh an t-im á maistreadh.
Ní baol do lucht déanta bainne in Éirinn na sióga le fada is cosúil, ó tháinig an nuatheicneolaíocht i bhfeidhm, ach ní shin le rá gur tháinig deireadh leis na nósanna seo.
Tá athbheochan tagtha ar na traidisiúin seo arís ar fud na hÉireann le blianta beaga anuas agus daoine ag iarraidh meas a léiriú ar na sean-nósanna, agus ádh a tharraingt ar na tithe.
Bíodh ár súile ar faire tráthnóna Dé Céadaoin beag seo mar sin, agus b’fhéidir go bhfeicfimid bouquet Bealtaine nó dhó!