Beagnach €60,000 bailithe ar son na Palastíne ag ‘Snámh Don Phalaistín’

50 Gael tar éis snámh i 17 dtrá thar timpeall na tíre thar dhá lá an deireadh seachtaine seo caite

Bhailigh 50 Gael as gach cearn den tír le chéile go moch ar maidin Dé Sathairn seo caite i mBaile Brigín, Baile Átha Cliath, le tús a chur le dúshlán snámha arna eagrú ag Conradh na Gaeilge chun airgead a thiomsú do ACLAÍ Palestine, croíthionscadal den Lajee Center i gcampa teifeach Aida, Bruach Thiar na Palaistíne. Thar dhá lá, chuaigh an grúpa tuathal timpeall na tíre ar bhus ag snámh san fharraige i ngach ceann de na 17 gcontae in Éirinn atá suite ar an gcósta.

San áireamh sa aistear Dé Sathairn, chuaigh an grúpa ag snámh i mBaile Brigín, i mBaile an Bhiataigh, sna Creagacha Dubha, ag an bPointe, i bPort Rois, i bPort na Binne Uaine, i mBun Dobhráin, ar an Tulachán, ar an Mullach Mór agus i gCill Ala.

Dé Domhnaigh chuir siad tús leis an dara lá i mBóthar na Trá i nGaillimh, ansin chuaigh an grúpa ó dheas le snámh i mBaile Uí Bheacháin, i mBaile an Bhuinneánaigh, in Eochaill, i gCeann Heilbhic agus i mBaile na Cúirte roimh an snámh deiridh i mBré, Co. Chill Mhantáin. Fuair siad fáilte mhór ó phobail áitiúla sna ceantair éagsúla i rith an turais agus iad ag teacht amach le dlúthpháirtíocht agus tacaíocht a léiriú.

Ag labhairt faoin imeacht, dúirt Aodhán Ó Deá, stiúrthóir forbartha le Conradh na Gaeilge, “Ritheadh rúin ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana agus anuraidh maidir le dlúthpháirtíocht don Phalaistín, idir shos cogaidh buan láithreach a éileamh agus polasaí um baghcat, dífheistiú agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm laistigh den eagraíocht. Theastaigh uainn tacú go réamhghníomhach le pobal na Palaistíne, agus tá nasc nádúrtha againn le ACLAÍ Palestine agus an Lajee Center. Tá sealanna caite ag daoine éagsúla ó phobal na Gaeilge i mbun obair dheonach sa Lajee Center le blianta beaga anuas agus i mí na Nollag 2024 cláraíodh craobh de Chonradh na Gaeilge in Ionad Lajee, an chéad chraobh riamh sa Phalaistín.”

Dúirt Róisín Ní Chinnéide, bainisteoir abhcóideacha le Conradh na Gaeilge agus iaroibrí deonach sa Lajee Center,

“Tá sé níos tábhachtaí ná riamh dúinn dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na Palaistíne agus cinedhíothú, cinedheighilt agus coilíniú á bhfulaingt i gcónaí acu. Níl insint béil ar na dúshláin laethúla atá roimh an bpobal i gCampa Aida, ach is crann taca é an Lajee Center don teacht aniar atá go smior iontu. Rachaidh gach pingin a thiomsaítear leis an bhfeachtas seo caol díreach go hionad pobail atá ar son agus faoi stiúir teifeach, chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar dá bpobal.”

Is féidir síntiús a thabhairt ar líne ag an leathanach iDonate Snámh Don Phalaistín ar https://www.idonate.ie/event/Snamh25

Rachaidh gach pingin chuig Ionad Lajee.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.