Ár dTeanga Féin: Fís straitéiseach, uileghabhálach cúig bliana Fhoras na Gaeilge foilsithe
Is cúis bhróid d’Fhoras na Gaeilge Treo Straitéiseach 2025-2030 a fhoilsiú inniu. Is mar thoradh ar chomhairliúchán ar thuairimí an phobail a cuireadh an cháipéis chuimsitheach i dtoll a chéile agus é mar aidhm aige tosaíochtaí oibre na heagraíochta do na blianta seo romhainn a aithint ag ardleibhéal straitéiseach.
Chun go mbeidh rath air, is gá soláthar cuí acmhainní a bheith ar fáil, idir bhuiséad agus fhoireann, agus teastaíonn tuilleadh feasachta i measc an phobail maidir le fís agus misean na heagraíochta. Dúirt Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, an tOllamh Regina Uí Chollatáin:
“Ó 2008 go dáta, tá titim 45% inár n-ioncam ach tá an t-éileamh ar ár dtacaíocht ag méadú i gcaitheamh an ama agus ní féidir linn freastal air. Tá impleachtaí aige sin ní hamháin ar ár gcuid oibre féin ach ar earnáil na Gaeilge ar fad, thuaidh agus theas. Is í an cheist seo an dúshlán is mó atá againn mar eagraíocht agus táimid diongbháilte sa tréimhse straitéise nua go n-oibreoimid ag an leibhéal is airde leis an dá Rialtas chun plean fadtéarmach inbhuanaithe maoinithe a aontú chun gur féidir mórchuspóirí an Treo Straitéisigh seo a bhaint amach i gcomhréir lenár bhfís agus lenár misean amach anseo. Den chéaduair le blianta, tá Bord iomlán ag Foras na Gaeilge agus is é an tosaíocht is mó a bheidh ag an mBord sin anois ná a chinntiú go mbeidh na hacmhainní daonna agus maoinithe ann le céim mhór chun tosaigh a thabhairt d’fhorbairt agus do dhaingniú na Gaeilge i bpobail teanga thuaidh agus theas.”
Leagann an cháipéis amach na tosaíochtaí don tréimhse faoi cheithre mhórchuspóir:
1) Cumas: Tríd an réamhscolaíocht, Gaeloideachas, scoileanna Bhéarla, ollscolaíocht agus foghlaimeoirí fásta, tacóimid le haistear an fhoghlaimeora ó thús deiridh. Beidh bunú naíolann, tionscadal Gaelbhratach agus Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge i measc ár dtosaíochtaí le tacú le foghlaimeoirí. Tacófar leis an sprioc ó dheas go mbeidh Gaeilge ag 20% d’earcaigh na státseirbhíse trí mhic léinn a chumasú le bheith inniúil sa Ghaeilge ina saol oibre.
Tá infheistíocht mhór déanta ag Foras na Gaeilge i gcúrsaí foclóireachta agus téarmaíochta le 25 bliain anuas. Beidh sé mar thosaíocht ag Foras na Gaeilge tuilleadh acmhainní ar nós foclóir Gaeilge-Fraincise a fhoilsiú chomh mhaith le haonad buan foclóireachta agus téarmaíochta a bhunú san eagraíocht.
2) Úsáid: Beidh sé mar aidhm ag Foras na Gaeilge Scéim Forbartha Líonraí Gaeilge a threisiú agus aonad buan pleanála teanga a bhunú san eagraíocht. Tacóimid le tuilleadh infheistíochta sna hIonaid Ghaeilge atá ann cheana agus cothóimid pleananna forbartha d’ionaid dá leithéid i ngach ceantar pleanála teanga
Creideann Foras na Gaeilge go láidir go mbaineann an Ghaeilge le cách agus gur cheart go mbeadh rochtain uirthi ag gach duine, beag beann ar chúlra eitneach ná stádas mionlaigh ná míchumas. Lorgóidh Foras na Gaeilge infheistíocht bhreise le freastal ar ghrúpaí a bhfuil éagsúlacht agus comhionannais mar chuid dá gcuid tionscadal.
3) Stádas agus dearcthaí: Ardóimid feasacht faoin nGaeilge trínár mórfheachtas le tacaíocht ó RTÉ, Creidim Ionat, oibreoimid ar fheachtais dírithe ar inimircigh/pobal Protastúnach, aontachtach agus Dílseach ó thuaidh agus ar dheiseanna fostaíochta/nuálaíochta a bhaineann leis an nGaeilge. Cuirfimid béim ar dheiseanna idirnáisiúnta fostaíochta agus cultúrtha agus foilseofar torthaí ár mórthionscadail taighde ar dhearcadh an phobail.
4) Rialachas Eagraíochtúil: Déanfaidh Foras na Gaeilge athbhreithniú ar struchtúr na heagraíochta atá i bhfeidhm ó bunaíodh í 25 bliain ó shin.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn;
“B’ábhar misnigh dúinn an dóigh ar ghlac eagraíochtaí agus daoine aonair páirt sa phróiseas comhairliúcháin don fhoilseachán tábhachtach seo. Bhailíomar moltaí agus tuairimí ó chruinnithe, suirbhéanna agus aighneachtaí agus tá siad sin anois le feiceáil inár bhfís do na cúig bliana amach romhainn. Tá iarracht déanta againn anseo na nithe is mó a rachaidh chun sochair d’fhorbairt leanúnach na Gaeilge ar fud an oileáin a aithint agus beidh sé i gceist againn tosaíocht a dhéanamh díobh as seo go ceann cúig bliana. Beidh Foras na Gaeilge ag brath go mór ar chomhpháirtíocht leis na Ceanneagraíochtaí Gaeilge, le grúpaí pobail agus le mórphobal na Gaeilge ar fud an oileáin chun na gníomhartha seo a bhaint amach.”
Tabharfar eolas níos mine faoi acmhainní, spriocanna agus spriocdhátaí feidhmithe ar leith sa chéad Phlean Corparáideach eile (2026-2028) atá á fhorbairt faoi láthair agus sna Pleananna Gnó bliantúla a aontaímid leis an dá Roinn Coimircíochta. Tá cur i bhfeidhm an Treo Straitéisigh faoi réir ag dóthain acmhainní a bheith ar fáil go leanúnach d’Fhoras na Gaeilge, riachtanas a aithnítear i ngach cáipéis chorparáideach dár gcuid.
Is féidir teacht ar an gcáipéis agus ar an gcúlra a bhaineann leis an bpróiseas go dáta ar shuíomh Fhoras na Gaeilge.