Amhrán na seachtaine: An Poc ar Buile

Ar mo ghabáil dom siar chun Droichead Uí Mhórdha
Píce i m’ dhóid is mé ag dul i meitheal
Cé chasfaí orm i gcumar ceoidh
Ach pocán crón is é ar buile.

Curfá:
Alliliú puilliliu
Alliliú tá an poc ar buile
Alliliú puilliliu
Alliliú tá an poc ar buile

Do ritheamar trasna trí ruilleogach
Is ghluais an comhrac ar fud na muinge
Is treascairt dá bhfuair sé sna turtóga
Is chuas ina ainneoin ar a dhroim le fuinneamh

(Curfá)

Níor fhág sé carraig go raibh scabhat ann
Ná gur rith le fórsa chun mé a mhilleadh,
Is ea ansin do chaith sé an léim ba mhó.
Le fána mhór na Faille Bríce

(Curfá)

Bhí garda mór i mBaile an Róistigh
Is bhailigh fórsaí chun sinn a chlipeadh
Bhuail sé rop dá adhairc sa tóin air
Is dá bhríste nua do dhein sé giobail

(Curfá)

I nDaingean Uí Chúis le haghaidh an tráthnóna
Bhí an sagart paróiste amach ‘nár gcoinnibh
Is é dúirt gurbh é an diabhal ba Dhóigh leis
A ghaibh an treo ar phocán buile

(Curfá)

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.