Tá Coiste Amhráin ar Scoil agus Foras na Gaeilge thar a bheith bródúil agus iad tá eis ‘Amhráin ar Scoil’ a sheoladh – cainéal nua YouTube a bheidh ina acmhainn luachmhar do mhúinteoirí bunscoile agus tuismitheoirí a bhfuil suim acu amhráin thraidisiúnta a mhúineadh sa rang agus sa mbaile. Tá an tionscadal piolótach seo maoinithe ag Foras na Gaeilge agus curtha le chéile ag coiste amhránaithe ó Chúige Uladh, le hamhráin thraidisiúnta a chur ar fáil do pháistí i nGaeilge Uladh.


Tá 47 amhrán sean-nóis ar fáil ar an gcainéal, le físeáin dhaite tarraingteacha do pháistí, ceol álainn, agus na focail le feiceáil ar scáileáin (ar bhealach karaoke) chun cabhrú leo na hamhráin a fhoghlaim. Tá gach amhrán roghnaithe go cúramach chun bheith oiriúnach do pháistí.
Dúirt Irial Ó Ceallaigh, cathaoirleach an tionscadail: “Táimid thar a bheith sásta ‘Amhráin ar Scoil’ a chur faoi bhráid na múinteoirí agus na bpáistí. Tá súil againn go spreagfaidh sé suim nua sa tsean-nós agus go gcuideoidh sé le Gaeilge bheo a chothú sna scoileanna agus sa mbaile.
Tá an tionscadal dírithe ar bhuanna foghlama teanga trí cheol agus spraoi. Beidh na hacmhainní seo saor in aisce agus réidh le húsáid sa rang nó sa bhaile. Beimid ag cur leis an stór seo ins na blianta amach romhainn, ag díriú ar amhráin bhreise Ultacha agus gan amhras, amhráin ins na canúintí eile a chur ar fáil chomh maith’’
Dúirt Pól Deeds, Stiúrthóir Seirbhísí Oideachais le Foras na Gaeilge: “Is tionscadal iontach é ‘Amhráin ar Scoil’ agus é forbartha ag grúpa gníomhaithe teanga atá tiomanta do chur chun cinn ár n-oidhreachta ceoil agus teanga araon. Tá Foras na Gaeilge an-sásta go raibh muid in ann tacaíocht a chur ar fáil don áis seo a bheith in úsáid i seomraí ranga ar fud na tíre agus níos faide ó bhaile. Tá ceangal daingean idir foghlaim amhrán mar seo agus cothú shaibhreas teanga. Beidh an cainéal Youtube ‘Amhráin ar Scoil’ ina thacaíocht luachmhar do pháistí agus a gcuid múinteoirí.”
Is feidir féachaint ar na físeáin anois ar: https://www.youtube.com/@Amhráinarscoil/videos