Tá Ollstailceanna ar ais sa Ghréig

Cathal Ó Murchú

Cothrom dhá bhliain tar éis thaisme traenach Tempi ar an 28 Feabhra 2023, d’fhógair na ceardchumainn sa Ghréig ollstailc i gcoinne rialtas Nea Demokratia, páirtí atá ar an eite dheas, mar gheall ar mhíshástacht leis an bhfiosrúchán oifigiúil, a mheastar a bheith ag ceilt na fírinne. Fuair 57 duine bás, gortaíodh 81 go dona, agus gortaíodh 99 eile go héadrom nuair a bhuail traein lastais le traein eile a bhí lán ó cheann go ceann le paisinéirí. Cé nach bhfuil an fiosrúchán curtha i gcrích, glactar gur theip ar na córais smachta iarnróid an iliomad traenacha a stiúradh go slán sábháilte toisc easpa infheistíochta.

Ghlac na céadta míle páirt sna léirsithe is mó a chonacthas i stair na tíre, le 265 léirsiú sa Ghréig í féin agus 112 léirsiú eile thar lear, i gcathracha cosúil le Beirlín, Londain, Dún Éideann, Nua-Eabhrac, Rio de Janeiro, Sydney agus roinnt eile. San Aithin féin, ceaptar gur tháinig 430,000 amach ar na sráideanna, cé go maíonn na péas nár tháinig ach 170,000 amach san ardchathair agus 325,000 go náisiúnta.

Tá traidisiún láidir heite clé sa Ghréig, go háirithe i dtaobh na gceardchumann agus ghluaiseachtaí pobail na cosmhuintire, agus léiríonn na sluaite a tháinig amach a gcumhacht iad féin a shlógadh. Tá an chosúlacht air anois go bhfuil na sluaite réidh le slógadh arís ó d’eagraigh siad móragóidí i gcoinne déine eacnamaíochta sna 2000í agus sna 2010í suas go dtí 2015 nuair a ghéill rialtas Alexis Tsipras agus a pháirtí Syriza go hiomlán do riachtanais airgeadais an Aontais Eorpaigh i mí Iúil na bliana sin, eachtra a bhuail an eite chlé go dona. Ach is cosúil go bhfuil an traidisiún radacach seo ar ais ar a sheanléim.