Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Tá cuma ar an scéal go mbeidh Stephen Cluxton, cúl báire Bhaile Átha Cliath, ar ais ag imirt i gCraobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil 2025. Tá clú agus cáil ar Cluxton mar gheall ar na héachtaí a bhain sé amach d’fhoireann Bhaile Átha Cliath ó 2001 ar aghaidh. Sa mhír seo foghlaimeoimid faoi roinnt de na buacphointí ina ghairm.
Is as Cúlóg é Cluxton, bruachbhaile suite i dtuaisceart na cathrach. Níorbh í an pheil a chéad rogha ó thaobh spóirt de. Deir sé gur thaitin an sacar agus an badmantan leis agus thosaigh sé ag imirt peile agus é sa mheánscoil, Naomh Dáibhí in Ard Aidhin. Cosúil leis an spórt, níorbh é cúl báire a chéad rogha mar ionad ar an bpáirc ach an oiread. D’imir sé mar lántosaí agus, mar a tharla sé, bhí an gnáthchúl báire as láthair gortaithe, mar sin cuireadh sa chúl é. Roghnaigh Brian Lavin, roghnóir contae a bhí ag teagasc ina scoil, é d’fhoireann mionúir Bhaile Átha Cliath in 1999. Is léir gur d’oibrigh an nasc seo amach go hiontach dó agus bhuaigh foireann mhionúir Bhaile Átha Cliath Craobh Laighean in 2002.
Is de bharr Cluxton agus an traenálaí báireora Gary Matthews gur tháinig an-tóir ar na gearrchiceanna amach. Cheap Paul Caffrey Matthews ina thraenálaí báireora. Thug Matthews faoi deara sa sacar gur thosaigh foirne ag ciceáil na liathróide gearr seachas í a chiceáil i bhfad agus seans 50/50 a bheith idir na himreoirí lár na páirce.
An t-éacht is cáilúla de chuid Cluxton gan dabht is é an cic saor a thóg sé in 2011 chun cluiche ceannais Chraobh na hÉireann a bhuachan idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí. Bhí am breise istigh, agus bhí cuma ar an scéal go rachadh an cluiche go hathimirt de bharr go raibh comhscór ann. Tháinig Cluxton aníos an pháirc agus thóg sé an cic saor a bhuaigh an chéad Chorn Mhig Uidhir do Bhaile Átha Cliath ó 1995. Deirtear gur thug imreoir Chiarraí Tomás Ó Sé an liathróid dó tar éis an chluiche ach dhiúltaigh sé í agus chuaigh sé díreach go dtí na seomraí feistis agus a chomhimreoirí ag céilúradh ar an bpáirc.
Ceisteanna buntuisceanna
- Carb as do Stephen Cluxton i mBaile Átha Cliath?
- Cá ndeachaigh sé ar scoil?
- Cén spórt a thaitin leis sular thosaigh sé leis an bpeil?
- Cá háit ar an bpáirc ar imir sé ar dtús?
- Cén fáth ar cuireadh sa chúl é?
- Céard a rinne sé tar éis an cluiche idir Ciarraí agus Baile Átha Cliath a bhuachan in 2011?
- Meas tú cad a léiríonn sé seo faoi Cluxton mar dhuine?
Ceapadóireacht
Samhlaigh gur Stephen Cluxton thú. Tá tú tar éis a fhógairt go mbeidh tú ag éirí as den uair dheireanach. Scríobh iontráil dialainne ag déanamh cur síos ar an bhfáth go ndearna tú an cinneadh seo. Céard iad na buacphointí i do ghairm? Cén chomhairle a thabharfaidh tú d’imreoirí nua?