Sos comhraic fógartha ag an PKK

Cathal Ó Murchú

Tá sos comhraic fógartha ag treallchogaígh Choirdíneacha de chuid an PKK (Páirtí Oibrithe na Cordastáine) ó d’iarr a gceannaire Abdullah Öcalan ar an ngluaiseacht a n-airm a chur síos agus deireadh a chur lena bhfeachtas míleata i gcoinne stát na Tuirce. Bhí feachtas míleata ar siúl ag an PKK ó 1984 i leith ar mhaithe le críoch neamhspleách Choirdíneach a bhaint amach in oirdheisceart na Tuirce, cogadh ina bhfuair thart ar dhaichead míle bás.

Is iad na Coirdínigh an náisiún is mó ar domhan nach bhfuil a stát flaitheasach féin acu. Tá breis is 30 milliún acu ina gcónaí i gcríoch chomhtheagmhálach atá roinnte idir ceithre stát, ceantair in oirdheisceart na Tuirce, oirthuaisceart na Siria,  tuaisceart an hIaráice agus iarthar na hIaráine ina bhfuil móramh Coirdíneach iontu. Críoch thar a bheith sléibhtiúil gan teagmháil leis an bhfarraige is ea an Chordastáin, ach réigiún fior-straitéiseach in iarthar na hÁise mar sin féin.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.