Lá Fhéile Pádraig ina théama ar thacar nua de cheithre stampa ildaite

Tá tacar de cheithre stampa ildaite eisithe ag An Post mar cheiliúradh ar Fhéile Pádraig agus ar an lá saoire náisiúnta (17 Márta) a thugann ómós do Naomh Pádraig, naomhphátrún na hÉireann.

Léiríonn na stampaí an téama a bhaineann le féile ealaíon, cultúir agus oidhreachta na hÉireann na bliana seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath: i.e. ‘Eachtraí’. Tugtar léiriú orthu ar an spiorad eachtrúil clúiteach agus mór le rá a aithnítear ar fud an domhain mar shiombail shainiúil den Éireannachas. Chuir na hAirí Patrick O’Donovan agus Charlie McConalogue na stampaí i láthair an phobail ar an gCéadaoin in Ard-Oifig an Phoist.

Aithnítear leis na stampaí chomh maith traidisiún fada d’imeachtaí agus paráidí áitiúla a reáchtáil ar fud na tíre chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh. Ina measc siúd, tá paráid íocónach Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath, nuair a ghlacann na mílte páirt sa taispeántas ar na sráideanna agus nuair a bhíonn suas le leathmhilliún duine tagtha amach ar shráideanna na príomhchathrach chun an scléip ar fad a fheiceáil.

Is maith is eol do mhuintir na hÉireann scéal Naomh Pádraig agus mar a ruaig sé na nathracha nimhe as Éirinn. Sa lá atá inniu ann, is cuid lárnach d’Fhéile Naomh Pádraig íomhá na nathrach nimhe. Úsáideadh an dearadh cruthaitheach chun an nathair nimhe a léiriú sa tacar seo de cheithre stampa, rud a léiríonn spraoi agus fuinneamh na hócáide. Cuireann gnéithe ildaite éagsúla na stampaí seo na gníomhaíochtaí iontacha cultúrtha agus pobail a eagraítear mar chuid d’Fhéile Pádraig gach aon bhliain i gcuimhne.

Agus iad deartha ag an ngníomhaireacht Éireannach Detail, tá ceithre stampa ráta ‘W’ le haghaidh postas idirnáisiúnta ar fáil ar bhileog an tacair seo. Tagann siad i gClúdach Céadlae a dearadh go speisialta dóibh, rud a dhéanfadh bronntanas den chéadscoth dá gcuirfí fráma air. Tá siad fáil in oifigí poist roghnaithe ar fud na tíre agus ar líne.

Rogha iontach eile do Lá Fhéile Pádraig ná grá a sheoladh leis an mbosca Blas den Bhaile de chuid An Post, agus iontas na n-iontas, nach bhfuil dath glas air chomh maith! Tá an bosca seo lán le sólaistí Éireannacha agus is iontach an bronntanas é le seoladh chuig daoine i gcéin is i gcóngar. Sa bheartán seo, tá roghanna bia le fáil, criospaí, tae, anlann curaí agus seacláid ina measc, díreach an rud atá ag teastáil Lá Fhéile Pádraig seo! Chun a chinntiú go mbeidh do bhosca ann in am don cheiliúradh, ordaigh anois é lena sheachadadh chuig SAM, an Astráil agus lasmuigh den Eoraip, ordaigh faoin 6 Márta é lena sheachadadh san Eoraip, agus faoin 10 Márta lena sheachadadh in Éirinn.