Tá sé faighte amach ag An Páipéar go bhfuil ionadaí lánaimseartha de chuid fhórsaí cosanta na hÉireann, Óglaigh na hÉireann, sa Bhruiséil ag ceanncheathrú ECAT. I ríomhphost a seoladh chuig An Páipéar tá sé deimhnithe ag an Roinn Cosanta go bhfuil ionadaí de chuid Óglaigh na hÉireann mar chuid de thoscaireacht na hÉireann sa Chomhpháiríocht ar son na Síochána. Mar fhreagra ar an gceist “Cén ról atá acu ann?” dúradh acu go dtugann siad comhairle mhíleata do don toscaireacht i gceanncheathrú ECAT.
Mar fhreagra ar an gceist “Cé chomh fada atá ionadaí de chuid Óglaigh na hÉireann i gceanncheathrú ECAT” dúradh le An Páipéar gur cheadaigh an rialtas soláthar foirne thoscaireacht na hÉireann sa Chomhpháirtíocht ar son na Síochána in 1999, agus go gclúdaíonn seo baill foirne ón Roinn Gnóthaí Eachtracha, an Roinn Cosanta, agus Óglaigh na hÉireann.