Tharlaigh rud stairiúil ar an 12 Márta i dTeach Teachtaí na Ríochta Aontaithe. Dúirt Claire Hanna, ceannaire Pháirtí Sóisialta agus Daonlathach an Lucht Oibre Thuaisceart Éireann cúpla focal Gaeilge le linn cheisteanna an Phríomh-Aire.
Chomh maith leis seo, thug sí cuireadh do Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer chuig an bhFleadh Cheoil i mBéal Feirste. Ghlac sé leis an gcuireadh, agus luaigh sé go bhfuil sé ag iarraidh dul go Béal Feirste níos luaithe ná 2026.
Cé gur labhraíodh Gaeilge i dTeach na dTeachtaí roinnt uaireanta, is é seo an chéad uair a labhair polaiteoir i nGaeilge le linn cheisteanna an Phríomh-Aire.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!