Deirdre Ní Choistín ceaptha ina hArd-Stiúrthóir ar TG4 

Tá sé fógartha ag Bord TG4 le cead an Rialtais go bhfuil Deirdre Ní Choistín ceaptha mar Ard-Stiúrthóir ar TG4 tar éis próiseas earcaíochta poiblí iomaíoch. Tiocfaidh sí i gcomharbacht ar Alan Esslemont atá ina Ard-Stiúrthóir ar TG4 ó 2016 agus atá ag éirí as i Mí Aibreáin 2025. Beidh sí ar an gceathrú ceannasaí ar an stáisiún ó bunaíodh é in 1996, agus an chéad bhean a ceapadh sa ról.

Dúirt Cathaoirleach Bhord TG4 Anna Ní Ghallachair: ‘Thar ceann an Bhoird, ba mhaith liom fáilte chroíúil a chur roimh cheapachán Dheirdre Ní Choistín mar Ard-Stiúrthóir ar TG4. Tá taithí leathan ag Deirdre ar an iliomad ról taobh istigh den eagraíocht. Chomh maith leis sin tá fís agus cáilíochtaí aici a chinnteoidh ceannasaíocht agus pleanáil straitéiseach a thabharfaidh TG4 chuig an chéad  leibhéal eile feabhais agus aitheantais ar mhaithe le pobal na Gaeilge in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.