Duterte ag dul chun na Háige
A Eagarthóir, a chara,
Le tamall de bhlianta anuas tá polaitíocht an domhain tar éis casadh i dtreo na heite deise. Go mór mór ó bhí géarchéim 2007/8 ann, géarchéim atá againn go fóill ar go leor bealaí d’ainneoin ciorruithe de chuile chineál, in earnálacha na sláinte agus an oideachais, trí luach saothair a chiorrú agus cánacha a ardú. Ag an am céanna ar tháinig na comhlachtaí teicneafeodacha (Facebook, Google, Amazon, Tiktok etc) chun cinn go tréan.
Ní mór na páirtithe polaitiúla a tháinig chun cinn le scór blianta anuas a lua, san áit nach mbíodh Le Pen ar feadh i bhfad, tá raidhse páirtithe den chineál tagtha chun cinn san Eoraip agus cuid acu i gceannas i dtíortha éagsúla nó páirteach i gcomhrialtas.
Tá a leithéid chéanna ar fáil timpeall an domhain anois freisin. Táim ag smaoineamh ar Putin, ar Bolsonaro, ar Milei agus ar Trump, gan trácht ar an duine is measa ar fad acu, Netanyahu.
An gcodlóidh an fear deireanach seo go sámh feasta? Cuirim an cheist i ngeall air go bhfuil bithiúnach eile den mhianach céanna tar éis an Háig a shroisint ar bharántas idirnáisiúnta ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Déanaim tagairt do Rodrigo Duterte, iar-Uachtarán na nOileán Filipíneach a gabhadh tar éis dó teacht abhaile ó thuras go Hong Kong, agus a cuireadh díreach ar eitleán chun na Háige. Cuirtear ina leith gurb é ba chionsiocair leis na mílte básanna sna hOileáin Fhilipíneacha, agus fiú gur mharaigh sé cuid de na daoine sin é féin.
Is cosúil gur éirigh idir an tUachtarán reatha agus muintir Duterte, agus inniu tá an fear os comhair cúirte sa Háig. Nára fada go raibh Netanyahu agus a láimh dheas, Gallant, san áit chéanna.
Beir bua,
Eoghan Mac Amhalghaid
Ros Comáin