Síocháin agus cogadh sa bhliain 2025

A Eagarthóir, a chara,

Is mór an trua nach bhfuil síocháin dhomhanda againn sa bhliain 2025. Bhí dóchas mór againn sna 1990í, go mbeadh an domhan ag dul sa treo ceart tar éis 2000. Chreid daoine timpeall an domhain go mbeadh teicneolaíocht iontach, leigheasanna nua, carranna a bheadh in an taisteal sa spéir, agus síocháin dhomhanda againn sa 21ú haois.

Is dócha go raibh an barra ró-ard againn, nach raibh seans ann go mbeadh muid in ann gach gné den fhís sin a fhíorú, ar bhealach maith agus cabhrach do dhaonra an domhain. Nuair a bhínn ag breathnú ar Star Trek, the Next Generation sna 1990í cheap mé go mbeadh daoine in ann fanacht mar a bhí siad, fiú leis an teicneolaíocht ar fad, go mbeadh daoine fós mór lena chéile agus nach mbeadh an teicneolaíocht sa bhealach idir caidreamh daoine lena chéile.

Feicim go bhfuil an méid sin eolais ar fáil, an méid sin nua gur féidir linn a dhéanamh (le cabhair ón teicneolaíocht agus go mór mór ón intleacht shaorga), ach nach bhfuil na daoine iad féin réidh do thodhchaí Star Trek. Ochón, níl aon ‘chónaidhm na bplainéad’ againn sa bhliain 2025. Ach tá an t-idirlíon againn, tá nuacht againn 24 uair sa ló go bhfuil daoine ag fáil bháis sa Phailistín agus san Úcráin.

Is mór an trua nach bhfuil muid níos gaire don tsíocháin dhomhanda. Tá súil agam, nuair a bheas na cogaí seo críochnaithe, go mbeidh an domhan chomh tuirseach den nuacht uafásach ag bleasteáil 24 uair sa ló, go mbeidh siad ag iarraidh seans ceart a thabhairt don tsíocháin. Is féidir leis an am uafásach seo asitríú ar ais go dtí an fhís a bhí againn na blianta fada ó shin, ach tá obair  mhór agus socrú deacair le déanamh, idir daoine agus idir tíortha, chun fáil ar ais ar an mbóthar álainn sin.

Is mise le meas,
Bríd Nic Uidhir
Baile Átha Cliath 4