Cinedhíothú faoi Chiúnas i gcoinne an Phobail Alabhaítigh

Cathal Ó Murchú

Tá fíorbheagán cainte sna meáin maidir leis an slad agus ár ar siúl sa tSiria i láthair na huaire i gcoinne an phobail Alabhaitigh in iarthuaisceart na tíre. Ó tháinig rialtas Hayat Tahrir al-Sham (HTS) i gcumhacht faoi cheannas Abu Mohammad al-Julani, nó Ahmed al Shara’a mar is fíorainm dó, tá siad maíte ar thabhairt faoina naimhde creidimh agus polaitiúla. Níl smacht iomlán ag réimeas nua HTS ar an tSiria, go háirithe sna ceantair atá gafa ag na Coirdínigh san oirthear agus sa tuaisceart, deargnaimhde leis na Turcaigh ar ndóigh, na daoine céanna atá mar chrann taca do HTS.

Tá an chuid eile den tSiria gafa ag an ngluaiseacht antoisceach Ioslamach seo agus iad tiomanta dá ndiancleachtas creidimh Sunnaíoch a chur a bhfeidhm. Agus níorbh fhada gur thosaigh siad ag dul i mbun géarleanúna i gcoinne pobal nach mbaineann lena leagan féin den chreideamh Ioslamach Sunnaíoch cosúil leis na Críostaithe, na Drúsaigh agus a ndeargnaimhde, na hAlabhaítigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.