
Bhí ócáid cheiliúrtha ar siúl Dé hAoine an 7 Márta in Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Co. Chiarraí, nuair a seoladh taisce Chanúintí na Gaeilge, Canúint.ie, mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Anois tá 200 scoththaifead de chanúintí traidisiúnta na Gaeilge á gcur i láthair ar shuíomh nua idirghníomhach, ar a bhfuil taifeadtaí a roghnaíodh ó mhórthionscadal digitithe ar ábhar Raidió Éireann agus Raidió na Gaeltachta. Roghnaíodh cainteoirí a léiríonn ilghnéitheacht na gcanúintí Gaeilge atá le cloisteáil i gCartlann RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Cuimsíonn na taifeadtaí na ceantair Ghaeltachta mar atá inniu ann agus ceantair ina bhfuil an teanga imithe i léig le fada. Díríodh ar an tréimhse ó na 1940í go dtí na 1990í, cuid de na taifeadtaí Gaeilge is luaithe ó chartlann RTÉ ina measc.
Ag fearadh fáilte roimh an méid a bailíodh in Iarthar Dhuibhneach, d’fhógair Lorcán Ó Cinnéide, Stiúrthóir Ionad an Bhlascaoid agus céad chainteoir na hoíche, gur “chúis mhór áthais dúinn go bhfuil ócaídi dá leithéid seo ar siúl anseo”, é ag aithint go “préamhaíonn sé an tIonad so leis an bpobal ina bhfuilimid agus leis an gcultúr go bhfuilimid ag éirí a chur chun cinn.” Ba í an Dr Úna Breathnach, Bainisteoir Eagarthóireachta Gaois, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a labhair ina dhiaidh, ag cur daoine ar an eolas faoin taisce nua seo, agus í mar bhean an tí ar an oíche.
Taispeánadh físeán mar chuid den seoladh le réamhobair na rannpháirtíthe le breis agus bliain anuas a shoiléiriú, inar labhair Bríd Dooley, Ceannasaí Chartlann RTÉ, Gearóid Mac Donncha agus daoine eile nach iad. Tugadh léargas ar Canúint.ie ina iomlán, agus na gnéithe uile a bhain leis. Mar a luaigh Gearóid Mac Donncha, tá an chartlann seo ar “ceann de na bailiúcháin is luachmhara, is mó, agus, is saibhre sa tír. Tá ábhar anseo nach bhfuil ar fáil in aon áit eile.”
Ag tagairt don seoladh agus don suíomh nua, d’fhógair Kevin Bakhurst, Ard-Stiúrthóir RTÉ, go raibh sé go huile is go hiomlan ceart go dtabharfadh RTÉ tacaíocht de thionscnamh den saghas seo, “Tá an tionscnamh seo go hiomlán ceart do chraoltóir seirbhíse poiblí na hÉireann a bheith páirteach ann; rud éigin a chuireann chun cinn an Ghaeilge, a thacaíonn le cultúr na hÉireann, agus a úsáideann teicneolaíocht nua. Tá siad seo ar chuid de na crainn taca dá bhfuil RTÉ ag iarraidh a dhéanamh mar eagraíocht.”
Rith caint Sara Nic Con Mara (Ard-Oifigeach Feidhmúcháin, Coimisiún na Meán) leis an téama seo, nuair a thug sí aitheantas don Scéim um Chartlannú maidir leis na taifeadtaí a chosaint, “ag cinntiú go bhfuil cultúr, oidhreacht agus eispiréis na hÉireann caomhnaithe don ghlúin so agus do na glúinte atá le teacht.” Ina iomlan, thacaigh an scéim le 33 tionsncamh (Canúint.ie ina measc) le breis is €8 milliún euro de mhaoinithe tugtha go dtí seo.
An craoltóir aitheanta Helen Ní Shé a bhí mar aoichainteoir na hoíche, agus a sheol Canúint.ie go hoifigiúil. Chuaigh sí go mór i bhfeidhm ar an lucht féachana lena cur síos ar thábhacht an tsuímh. Le máistreacht, phléigh sí an seasamh a bhí ag na hagallóirí i measc an phobail, agus na ceannródaithe a d’imigh romhainn, a thuig an gá le breith ar shaibhreas chaint dúchais na ndaoine agus é fós ann go forleathan. Labhair sí faoin tábhacht a bhain le Raidió na Gaeltachta ó thaobh mhuintir na gceantar éagsúla Gaeltachta éagsúil dul i dtaithí ar a chéile, agus leag sí béim ar an luach, dár léi, sna héagsúlachtaí ó chúige go cúige, ó pharóiste go paróiste, agus ó bhaile go baile a aithint.
D’ímpigh Ní Shé ar an slua an suíomh a úsáid, agus é a bheith ina áis “do mhuintir Ghaeltachta go háirithe, do chuntóirí teangan atá ag plé le daoine óga sna scoileanna agus d’údair ag tabhairt fé shaothair liteartha, agus go raghaidh siad ag tógaint ó seo agus go mbeidh bunús acu as a gcanúint fhéinig, mar i ndeireadh thiar thall, is cuid lárnach don nduine an chanúint, pé teanga a labhrann siad.” Le clabhsúr a chur ar a hóráid, d’fhógair Ní Shé le mórtas: “Sí an chanúint a chuireann craiceann orainn. Sí an chanúint ár DNA. An chanúint a dhearbhaíonn cér díobh sinn, agus thar aon ní eile, bíodh Canúint.ie mar chúis againn a rá gur “beatha teanga í a labhairt.”
Tá www.canuint.ie ar fáil anois do chách.