Athruithe de chuid Choiste Athbhreithne Peile CLG ceadaithe ag an gCoiste Lárnach
Tá na mionathruithe deireanacha ar rialacha na peile ceadaithe roimh an dá bhabhta dheireanacha de Shraith Allianz na Peile, tar éis vóta ar líne.
Cuirfear iad i bhfeidhm go hiomlán anois ag leibhéal an chontae agus beidh cluichí club faoi rogha na gcontaethe faoi leith go dtí an 1 Bealtaine.
Tá na hathruithe is deireanaí ag díriú go príomha ar an riail triúr i gcoinne triúir. Sa bhunleagan den riail, bhí mórán foirne ag baint tairbhe aisti le róbhrú a chruthú san ionsaí trína gcúl báire a thabhairt chun tosaigh sa pháirc mar ionsaitheoir breise, ag fágáil 12 i gcoinne 11 agus foirne ar an ionsaí ag coinneáil seilbh ar an liathróid ar feadh tréimhsí fada.
Sa dá bhabhta dheireanacha den tsraith, agus sa chraobh, is dócha, mura mbeidh athruithe eile ann, ní mór don fhoireann atá i seilbh na liathróide ceathrar imreoirí ar a laghad a choinneáil ina leath féin den pháirc, agus is féidir go mbeidh an cúl báire ar dhuine acu.