Achomhairc i gcás cúirte caillte ag an rialtas maidir le comh-mhargadh rúnda

Cathal Ó Murchú

Tá achomharc ar chás cúirte caillte ag an rialtas maidir le comh-mhargadh rúnda más ann dó. Chuir an Chúirt Achomhairce iallach ar an rialtas an comh-mhargadh idir an stát agus Aerfhórsa Ríoga na Breataine (RAF) a nochtadh, ag dearbhú rialú a rinne an Ardchúirt i mí Iúil na mbliana 2014. Go dtí seo, níl sé dearbhaithe nó séanta ag an rialtas go hoifigiúil go bhfuil a leithéid de chomh-mhargadh ann agus is é an seasamh atá ag an rialtas ná gur bhain an cheist seo le cúinsí slándála náisiúnta.

Is é an comh-mhargadh atá ann, más ea, ná go dtugann stát na 26 chontae cead don Aerfhórsa Ríoga teacht isteach go haerspás na hÉireann i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta nó idirnáisiúnta. Níl sé sonraithe cad go díreach a chiallaíonn ceachtar de na hionsaithe seo.  Ceaptar go ndearnadh an comh-mhargadh seo go luath i ndiaidh ionsaí 9/11, nuair a rinne antoiscigh Ioslamacha faoi cheannas Osama bin Laden ionsaí eitleáin ar láithreacha éagsúla sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2001.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.