D’fhógair an tUachtarán Donald Trump agus a lucht tacaiochta go raibh taraifí (“na cinn is fearr agus is áille dá bhfacthas riamh”) ar na bacáin a luaithe is a bhainfeadh sé cumhacht amach. Mar a tharla bhuaigh siad an uachtaránacht, Teach na nIonaduithe agus an Seanad araon i mí na Samhna (bhí an Chúirt Uachtarach gafa acu roimhe seo), agus ní raibh moill orthu beart a dhéanamh de réir a mbriathair tar éis insealbhú Trump an mhí seo caite.
Chuir rialtas Trump taraifí géara i bhfeidhm ar Mheicisiceo, ar Cheanada agus ar an tSín (ar ndóigh) agus tá cinn fógartha acu do thíortha Eorpacha freisin. Tá taraifí eile beartaithe do chodanna eile den domhan chomh maith, ach eisceacht déanta don Ríocht Aontaithe. Bhí freagra láithreach ag Meicsiceo, Ceanada agus an tSín, os rud é gur thuig na tíortha seo cad a bhí le teacht, agus bhí frithbheart ullmhaithe acu roimh ré, is é sin taraifí dá gcuid féin a ghearradh ar na Stáit Aontaithe.