Níos mó ban i rogha an Taoisigh don Seanad

Eoin Ó Murchú

Seachtar ban agus ceathrar fear a roghnaigh an Taoiseach, Micheál Martin, don Seanad de réir Alt 18 de Bhunreacht na hÉireann, agus bhí an chéad cruinniú den Seanad ann Dé Céadaoin na seachtaine seo. 

Rinneadh cáineadh ar a laghad ban a roghnaíodh don rialtas agus mar airí sóisearacha, triúr as 15 mar airí rialtais agus seisear as 23 mar airí sóisearacha.

Roghnaigh Fianna Fáil na mná seo a leanas don Seanad: Dee Ryan as Luimneach, Alison Comyn as Contae Lú, Anne Rabbitte as Gaillimh Thoir, Lorraine Clifford Lee as Fionghall agus Imelda Goldsboro as Tiobraid Árann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!