Le meirgí, bratacha agus trí bhanna ceoil máirseála, d’athshiúil na mílte Dé Domhnaigh an turas bliantúil ón Chreagán i nDoire Cholm Cille go Cúinne Dhoire Saor, ag dul an bealach céanna a ndeachaigh an mórshiúl i gcoinne an imtheorannaithe in 1972. An t-am sin chríochnaigh sé le hár nuair a scaoil saighdiúirí de chuid Arm na Breataine 26 sibhialtach gan arm. Goineadh 15 agus a maraíodh 14 ar an lá, agus fuair fear amháin a goineadh bás óna ghortuithe ceithre mhí ní ba déanaí. Domhnach Fola Dhoire a thugtar ar an ócáid chun é a idirdhealú ó Dhomhnaí fola eile i stair na hÉireann.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!