Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Ní aontaíonn na saineolaithe ar cé mhéad pór madra atá ann. Tá 201 pór madra cláraithe ag Cumann Conchróite Mheiriceá (American Kennel Club, AKC), ach ní chuimsíonn an figiúr seo madraí crosanta nó “madraí saindeartha” ar nós an cockapoo, meascán den spáinnéar feá agus den phúdal. 

Aithníonn an Chónaidhm Choineolaíochta Idirnáisiúnta (Fédération Cynologique Internationale, FCI), an t-údarás idirnáisiúnta, 359 pór. Tá a fhios againn cé mhéad pór madra Éireannach atá ann áfach, 9 gcinn. Is iad an brocaire gorm, brocaire Uí Mháil, an brocaire rua, an brocaire buí, an spainnéar uisce, an sotar rua, an sotar rua agus bán, an pocadán agus an cú faoil na madraí dúchasacha Éireannacha. San alt seo breathnóimid ar thrí cinn acu. 

An Cú Faoil

An cú faoil
Grianghraif: Jon Hurdy/Flickr

Is é seo an pór madra is cáilúla ar an liosta seo. Seo an cineál madra a mharaigh Sétanta sular bhfuair sé an t-ainm Cú Chulainn. Ceapann roinnt daoine gur siombail náisúnta d’Éirinn é, ach tá argóint eile ann gur chóir go mbeadh an brocaire gorm mar madra náisiúnta na hÉireann. Is é an cú faoil an dara madra is mó ar domhan.

An sotar Rua

An Sotar Rua
Grianghraif: Adam Ziaja/Wikimedia

Tá cáil ar an madra seo toisc go bhfuil sé mar shuaiteantas ag Bus Éireann. Taobh amuigh d’Éirinn glaotar an sotar Éireannach air. Bhí sotar rua ag Uachtarán na Stát Aontaithe Richard Nixon nuair a bhí sé sa Teach Bán, agus bhí scannán de chuid Disney dar teideal Big Red ina raibh sotar rua.

An Brocaire Gorm

An Brocaire Gorm
Grianghraif: Peter Kumpert/Wikimedia

Bhí brocaire gorm ag Mícheál Ó Coileáin. Convict 224 an t-ainm a bhí air, agus bhuaigh sé duaiseanna náisiúnta. Meastar gur ainmníodh an brocaire gorm sin as Aibhistín de Staic a bhí i gcarcair Lewes faoin ainm ‘Convict 224’, nó go mbaineann sé leis an tréimhse a chaith an Coileánach féin in Frongoch. Rinne an Fear Mór iarracht ‘madra náisiúnta na hÉireann’ a dhéanamh den bhrocaire gorm, fiú, ach maraíodh é sular éirigh leis an t-acht Dála a chur tríd. Tá brocaire gorm ag duine d’fhoireann An Páipéar chomh maith!


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cé mhéad pór madra atá cláraithe ag Cumann Conchróite Mheiriceá?
  2. Cé mhéad pór madra a aithníonn an Chónaidhm Choineolaíochta Idirnáisiúnta?
  3. Cé mhéad pór madra Éireannach atá ann?
  4. Ainmnigh iad.
  5. Cén duine cáilúil i stair na hÉireann a raibh brocaire gorm aige agus cén t-ainm a bhí ar an madra?
  6. Cén carachtar miotaiseolaíoch a mháraigh cú faoil?
  7. Cén comhlacht a bhfuil sotar rua mar shuaitheanas acu?