Dé hAoine an 14 Feabhra

Micstemcraft le Comhluadar Luimnigh
Aois 0-13 bliana
Cúinne Spraoi (aois 0 go 3)
Ceardlann LEGO (aois 4 go 9)
Ceardlann ETIM (aois 10 go 13)
Coláiste Mhuire gan Smál V9426N4
Maoirseacht caomhnóra ag teastáil
Fáilte roimh chách
Clárú: www.comhluadarluimnigh.ie

Club Óg-Ógras
KDYS, Trá Lí

6.45 go 7.45 pm gach Aoine
Comhluadar do dhaoine óga idir 7 agus 12 bhliain d’aois
Fáilte roimh bhaill nua
Eolas: 087-2194992

Lá Fhéile Vailintín
Ciorcal comhrá in Stores Bar

Port an tSalainn, Tír Chonaill
1 go 2.30 pm
Gaeltacht Bheo Fhánada
Eolas: 083-1960918

Dioscó Lá Fhéile Vailintín
Do dhéagóirí meánscoile

An Crompán, an Cheathrú Rua
9 pm go meánoíche, costas €15
Airgead ag dul i dtreo pháirc spraoi na Ceathrú Rua
Comharchumann Mhic Dara, Pobal Rua

14/15 Feabhra

Gobnait – An Ceoldráma
Halla Pobail, Béal Átha an Ghaorthaidh
8pm
Ticéid: Eventbrite
Comharchumann Forbartha Mhúscraí Teo
Eibhlín 083-0914719

Dé Sathairn an 15 Feabhra

Albam Aonair Nua
Dee Armstrong, Kila

Oíche de bhunsaothar ceoil leis an bhfidléir Dee Armstrong,
a bheirt mhac, Diarmuid agus Lughaidh, le Seamie Dowd,
Stephen O’Dowd, Grainne Horan agus Sarah Jane Barry
7 pm, ticéid £15
Amharclann Chultúrlann Aonach Mhacha, Ard Mhacha
www.aonachmhacha.com

Máistircheardlann ar iriseoireacht raidió
le hÁine Ní Bhreisleáin, Eoghan Ó Néill, Máirín Ní Ghadhra agus
Lynette Fay

10am go 4 pm
Raidió Fáilte, Sráid Dhubhaise, Béal Feirste
Sólaistí 9.30 am saor in aisce
D’aon duine a bhfuil suim acu san iriseoireacht agus iriseoireacht raidió,
Scoth na n-aíonna ag roinnt a dtaithí agus saineolais linn

Glór Bhréifne
Ciorcal comhrá Gaeilge

11 am
Óstán Fearnáin, an Cabhán
Téama: Mo Cheantar Áitiúil
Fáilte rompu siúd atá líofa agus iad siúd ar mian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú

Dé Máirt an 18 Feabhra

Tae agus plé Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
1 go 2 pm
An Seomra Caidrimh
Campus Choláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
Tuilleadh eolais: cumanngaelach@dcuclubsandsocs.ie
(ar siúl gach Máirt)

Gligíní Ghaoth Dobhair
Grúpa spraoi do thuismitheoirí agus leanaí ó 3 mhí go haois réamhscoile
10.30 am
sa Chrannóg, Gaoth Dobhair
Eolas: eilin@tuismitheoiri.ie
Á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Bunchúrsa fóirsteanach do bhunfhoghlaimeoirí Gaeilge i Leabharlann Chaisleán Nua, Co. an Dúin
6.30 go 7.30 pm
Beidh an cúrsa dírithe ar chomhrá
Cúrsa 6 seachtaine, costas £36
Glór Uachtar Tíre 07501 252027

Oíche airneáil Inse Chór
7.30 go 9 pm
Áras Inse Chór, Corrán Grattan, Inse Chór DO8 V003
Ar siúl gach Máirt
Á eagrú ag Craobh Inse Chór de Chonradh na Gaeilge

Dé Céadaoin an 19 Feabhra

Ceardlann ar smideadh do dhéagóirí meánscoile
3 pm
An Chrannóg, Gaoth Dobhair
Spásanna teoranta
Clárú: eilin@tuismitheoiri.ie
Eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Oíche theaghlaigh Drumadore
6 go 7.30 pm
Coláiste Cuimhneachán an Phiarsaigh
Ros Muc H91 EW62
Sóláistí ar fáil
Saorchead isteach
Clárú: opt@conamara.ie

An Cinema Gaelach
Amhrán na Mara

Sa Chultúrlann, Oileán Árainn Mhór
6.30 pm
Oiriúnach do pháistí 5+
Níl costas ann ach clárú roimhré:
sile@tuismitheoirí.ie
Á eagrú ag Tuismitheoirí na Gaeltachta

Imeacht ar Zoom
Bí le Pàdraig MacAoidh agus Eoin P. Ó Murchú
ag léamh agus ag plé a gcomhshaothair nua
i nGaeilge na hÉireann agus i nGaeilge na hAlban
7 go 8 pm
Bean an tí: Heather Clyne ó Shabhal Mòr Ostaig
Cláraigh agus cuirfear nasc zoom chugat, £10, lacáiste £5
moniackmhor.org.uk

Déardaoin an 20 Feabhra

An Veidhlín Muimhneach
le Andrea Palandri
Albam nua á sheoladh ag Scoil Cheoil an Earraighagus leabhar filíochta nua le Dairena Ní Chinnéide
i dTigh Bhric, Baile an Fheirtéaraigh, Co Chiarraí ar 4 pm
Síle Denvir ag seinnt píosa ceoil agus Daireana ag léamh ón gcnuasach nua
Fáilte roimh chách

Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin
Ceolchoirm le ceoltóiri ó Éirinn, Albain agus Oileán Cheap Bhreatainn
Andrea Palandri, Pádraig Keane ó Éirinn
Kathleen MacInnes agus Ailean Domhnallach ó Albain
Kenneth McKenzie ó Cheap Bhreatainn
Fear an tí: Breanndán Ó Beaglaoich
8 pm
€15 ar thicéad
Eolas: Imeachtaí – Scoil Cheoil an Earraigh

Fógra do bhunchúrsa Gaeilge ar líne do thuistí, seantuistí agus d’fheighlithe linbh i nGaeltacht na Mí
Cúrsa 10 seachtaine ar zoom
ag tosú Déardaoin an 27 Feabhra
8 go 9 pm
Tuilleadh eolais: ursula@gaelachtnami.ie


Féilte

Féile Rua – An Cheathrú Rua
An 13 go 16 Feabhra

Dé hAoine an 14 Feabhra

9.15 am Iris Aniar beo ó Thigh Mhéicil
Leac chuimhneacháin deartha ag Pádraig Reaney á nochtadh mar chomóradh ar Chath na Ceathrún Rua le Cormac Ó Comhraí

11.30 am Seoladh Turas Lúibe
Leabharlann na Ceathrún Rua
Taispeántas ceardaíochta le Mná na Cniotála agus na Cróiseála

2 pm siúlóid ealaíne le Danny de Bhailís
Cuirfidh Ciarán Ó Fátharta tús leis an tsiúlóid ag Séipéal Mhic Dara

7 pm Sean-Nós na nÓg i Séipéal Mhic Dara
Ceolchoirm le fonnadóirí óga Chonamara agus na hAlban
Fear an tí: Máirtín Tom Sheáinín

9 pm Discó do dhéagóirí meánscoile, an Crompán

9 pm Club na Féile, Tigh an Táilliúra

Dé Sathairn an 15 Feabhra

11 am Fiach Focal, Saortha Bád na Ceathrtún Rua i Halla an Acadaimh, an Cheathrú Rua
Na saortha bád, Pat Michael Ó Cualáin agus Michael Staff Mac Donnacha, ag cur síos ar chúrsaí bádóireachta agus farraige

2 pm Siompósiam na Féile
Éilimh Phobal na Gaeltachta le cur ar Chlár an Rialtais
Painéal cainteoirí agus deis don phobal a mbarúil a thabhairt
Halla an Acadaimh, an Cheathrú Rua
Á eagru ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

8 pm Stéibh ’25
Craobhchomórtas amhránaíochta nuachumtha Fhéile Rua
Ailbhe Ní Mhurchú, Tick Tock
Beartla Breathnach, Aistear Mór an tSaoil
Diane Ní Fhlatharta, Meanapás
Mairéad Uí Dhomhnaill agus Máire Mhic Craith, Cé dár díobh mé
Áine Durkin, Briseadh Croí
Joe Mhaoláin, An Ford Capri
Eabhla Bhreathnach, Comparáid
Máirín Uí Dhomhnaill, Tigh Joe Mhóir
Fear an tí: Séamus Ó Scanláin
8 pm , dóirse ar oscailt ar 7.30 pm
An Crompán, an Cheathrú Rua

Ceol le Fóidín Meara ina dhiaidh
Beár ar an oíche

Dé Domhnaigh an 16 Feabhra

12 meán lae Ceiliúradh na nÓg
Comórtais do dhaoine óga
Amhránaíocht ar an sean-nós
Damhsa ar an sean-nós
Agallamh beirte, lúibíní, scéalaíocht agus aithriseoireacht
Clárú ar an lá ón 11 am ar aghaidh
An Crompán

5 pm Cúig Amhrán, an Chistin
Cúig amhrán as Albain agus Éirinn
le Emma NicLeoid ó Oileán Scaplaigh sna Hearadh in Albain
agus Domhnall Ó Braonáin, an Teach Mór, buaiteoir shean-nós na bhFear 2024

6 pm Taispeántas damhsa ar an sean-nós ó dhamhseoirí Chonamara
An Chistin
Fear an Tí: Donncha Mac Con Iomaire

Tuilleadh eolais: Pobal Rua 0872563317 / pobalrua@gmail.com

Féile na Fuaime

Déardaoin an 20 Feabhra

Halla Astra, Ionad na Mac Léinn, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath
Campus Belfield, Cluain Sceach, BÁC 4
An Chéad Ghlúin Eile
Sibéal
Burnchurch
Le léirithe ón gCumann Rince agus ó Chumann an Cheoil Thraidisiúnta

Féile Scéalaíochta na Glaise 2025 – Pobal Eascarrach agus Oileán Thoraí

Bhí rath agus bláth ar Fhéile Scéalaíochta na Glaise 2025 i mBéal an Átha, An Fál Carrach agus Oileán Thoraí. Tharraing scaiftíocha daoine ar an fhéile ó chéin agus cóngar le sult a bhaint as na himeachtaí éagsúla d’óg agus aosta a chuir i láthair scéalaíocht ar mhodhanna traidisiúnta Gaelacha agus mhodhanna idirnáisiúnta idirchultúrtha araon. Féile scéalaíochta lánGhaeilge í Féile Scéalaíochta na Glaise a ghníonn ceiliúradh ar réimse iomlán na scéalaíochta béil sa Ghaeilge.

Bhí slua mór daoine i láthair fá choinne an tseó speisialta “Faoi Sholas na Réabghealaí” le Aindrias de Staic, Brian Fleming agus Aisling Lyons. Bhain an seó an t-anál asainn uilig agus beidh sé deacair a shárú a fháil ar an bhlian seo chugainn.

Comhghairdeachas ó chroí le buaiteoirí na gcomórtas scéalaíochta ar an Aoine: Aela Ní Ghaoithín a bhain an chéad áit agus Corn Sheosaimh Mhic Eachmharcaigh leis an scéal fiannaíochta “Diarmuid agus Gráinne” agus Ciaran Ó Maicín agus Daniel Butler ar rannadh an chéad áit i rannóg na scéalta gairide agus an tseanchais eatarthu. Tá sealaíocht á déanamh ar Chorn Mhuintir Dhubhthaigh idir an bheirt acu. D’inis Ciarán an scéal “Dóchas na Caillí” agus bhí an scéal áitiúil, as Gort an Choirce, “Ciapógaí an Aistir Aistigh” ag Daniel Butler.

Ag Airneál na nÓg bhí trí scoil as Cloich Cheann Fhaola i láthair, Scoil Naomh Fionáin, Scoil Chaiseal na gCorr agus Scoil Ghort an Choirce chomh maith le Scoil Mhín Tine Dé.

Bhí scéalta, amhráin, agus dánta galánta ó pháistí as achan scoil acu. I measc an aosa óig ba iad na buaiteoirí sa scéalaíocht ó rang a 6: Cara Ní Ghallachóir sa chéad áit, leis an scéal “Mol an Toigh Mhóir”, Caitríona sa dara háit agus Simon sa triú háit. Ó rang 4 agus 5: Jonathan sa chéad áit, Daniel sa dara háit agus Emer sa triú háit agus ó rang 2 Erin sa chéad áit.

I gcuideachta a chéile tá muid ag cothú bladhaire na scéalaíochta i gCloich Cheann Fhaola. Tá súil againn tú a fheiceáil ag Féile Scéalaíochta na Glaise 2026!

Tá buíochas ó bPobal Eascarrach do Ealaín na Gaeltachta agus Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola as an tacaíocht mhaoinithe a chuir siad ar fáil don fhéile seo.

Freisin go raibh céad maith ag achan duine a chuidigh le féile rathúil a chur ar siúl i mbliana idir lucht freastail, lucht foirne, mhaoinitheoirí, scéalaithe, cheoltóirí, amhránaithe agus lucht inspioráide!