An bhfuil todhchaí againn? Sin í an cheist atá á plé ag go leor oibrithe rialtais le déanaí sna Stáit Aontaithe, tar éis d’Elon Musk agus a chairde in DOGE, an Roinn um Éifeachtúlacht Rialtais, a bheith ag rith timpeall ag iarraidh diomailt a ghearradh amach, más fíor. Is mór an trua é, mar gheall ar an meon ultra-chaipitlíoch atá aige, ciallaíonn an focal “diomailt” an rud céanna dó is a chiallaíonn “oibrithe”. Tá Musk ag magadh leis an ainm sin; is tagairt é don criptea-airgeadra Dogecoin. Chomh maith leis sin tá sé soiléir go bhfuil sé ag baint taitnimh as daoine a bheith ag cailleadh a bpost, deontais oideachais a bheith á ngearradh agus dochar eile le teacht. Tá lucht leanúna Musk ag gáire freisin, nó tá áthas orthu daoine eile a fheiceáil á dtarraingt anuas agus á náiriú go poiblí, agus tá siad sásta go bhfuil a ndearcadh soiniciúil féin ar an domhan á dheimhniú ag Musk agus a chairde.

Seo an rud a tharlaíonn nuair a fhaigheann daoine feargacha agus, dar leo, faoi chois an lámh in uachtar sa pholaitíocht. Anois beidh gach duine eile ag fulaingt. Ach i ndáiríre tá siad á ngortú féin. Chonaic mé daoine ag gearán cheana féin ar na meáin shóisialta gur chaill siad a bpoist rialtais féin in anneoin gur thacaigh siad le DOGE agus gur “fíor-oibrithe” táirgiúla iad. Is dócha go bhfuil siad ag rá anois go dúirt siad go raibh siad chun an seascann a shileadh, “ach ní mo phostsa”. Tá sé cosúil leis na pictiúir sin ina ngearrann duine géag de chrann ar a bhfuil siad ina suí.

Ní sna Stáit Aontaithe amháin atá sé seo ag tarlú. Cúpla lá ó shin chonaiceamar gur bhuaigh an páirtí ar an eite dheas sa Ghearmháin, AfD, sciar mór de na suíocháin i dtoghchán le déanaí. Cosúil le Musk, tá siad ag tabhairt freagraí róshimplí ar éilimh ón bpobal, nó ar a laghad ón ngrúpa sa phobal atá ag screadaíl níos airde ná aon ghrúpa eile.

Mar an gcéanna in Éirinn, tá na guthanna céanna ag éirí níos láidre le déanaí. Nuair a ghortaíonn nó a mharaíonn Éireannach duine eile, bíonn na guthanna sin ina dtost, ach nuair is inimirceach a dhéanann é, bíonn na guthanna ag béiceadh le fearg. Tá sé ait nach mbíonn aon suim acu ann, ach amháin nuair is inimirceach atá i gceist. Nuair a bhreathnaíonn tú ar na meáin shóisialta, feicfidh tú dream Tommy Robinson, le bratach na Ríochta Aontaithe ina bpróifíl, dár ndóigh, ag tabhairt léachtaí do na hÉireannaigh conas ba chóir Éire “a choinneáil do na hÉireannaigh”.

An bhfuil todchaí againn? B’fhéidir go bhfuil sé in am ceisteanna eile a chur orainn féin: cén treo ina bhfuilimid ag bogadh, agus conas a cheadaíomar do na caimiléirí, na cneámhairí, na feallairí pobalacha seo sinn a ionramháil?

Oisín Mac Fhearaí