Bíonn an méid sin scéalta diúltacha i ngach nuachtán agus ar gach ardán ar líne. Is gnáthrud sin, is dócha, ní hiad scéalta dearfacha an nuacht is tábhachtaí. Mar sin bheartaigh mé an deis a thapú eagarfhocal na seachtaine seo a scríobh faoi chumhacht na dearfachta. Is uirlis fhíorchumhachtach í d’intinn. Tá neart taighde déanta ar an iarmhairt placebo agus léirítear go n-oibríonn sí ní hamháin le haghaidh substaintí etc. Oibríonn an iarmhairt placebo ar do ghiúmar, mar shampla má ligeann tú ort go mbeidh lá maith agat agus leanann tú ar aghaidh ag rá go mbeidh lá maith agat tá gach seans ann gurb amhlaidh a bheidh!
Is breá leis na hÉireannaigh a bheith ag gearán. Is saghas teiripe é i ndáiríre, agus is rud folláin é. Ach is minic a chuireann sé in ísle brí muid. Ní chabhraíonn na scéalta nuachta faoi chogadh, bás, dúnmharú agus mar sin de. Cinnte ní chabhraíonn an aimsir ach an oiread. Is breá liom an rothaíocht agus is minic a théim chun mo chuid oibre ar an rothar, ach le coicís anuas níorbh fhéidir liom sin a dhéanamh mar gheall ar an aimsir. Má tá seo ag éirí cosúil le clár de chuid Joe Duffy tá fíorbhrón orm, ach táim díreach ag iarraidh a léiriú cé chomh diúltach agus is féidir leis saol a bheith má ligeann tú dó!
Tá an-chuid rudaí dearfacha ag dul ar aghaidh agus go tá leor cúiseanna ann le bheith dearfach, go háirithe agus an t-earrach buailte linn. Beidh síneadh breá ag teacht ar fhad an tráthnóna, agus má tá an t-ádh linn beidh laethanta an tsamhraidh go hálainn. Tá an-chuid imeachtaí ag teacht aníos le bheith ag tnúth leo. Tá sé de chumas againn a bheith sona, níl ach céimeanna beaga le tógáil againn, ár meon a athrú agus, cinnte, beidh saol i bhfad níos deise againn.