“Cros iomlán” ag an bPáirtí Aontachtach Daonlathach ar mhúnla infheistíochta na Gaeilge ar fud na hÉireann

Deir gníomhairí teanga gur “teip iomlán” atá sa gcóras maoinithe agus ciorruithe €817,845 fógartha

Bill Breathnach

Tá sé ráite go bhfuil “cros iomlán” ag an bPáirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) ar chistiú na Gaeilge ar fud na hÉireann agus gur “teip iomlán” atá sa gcóras maoinithe thuaidh theas don teanga.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, “Is léir go mór dúinne anois go bhfuil Foras na Gaeilge briste mar struchtúr éifeachtach maoinithe chun maoiniú a mhealladh ón dá stát faoi na cúinsí reatha, córas atá ag fágáil níos lú maoiniú, agus ciorraithe, i bhfeidhm ar ghrúpaí ar an talamh.”

I measc na dtionscadal nach mbeidh maoiniú ar fáil dóibh beidh an feachtas feasachta Creidim Ionat, Séala an Aistriúcháin agus an Corpas Foclóireachta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!