A Eagarthóir, a chara,

Caithfidh mé aontú le litir sa Pháipéar an tseachtain seo caite, faoi neodracht na 26 chontae a bheith i mbaol leis an rialtas nuathofa. An bhfuil Ó hÉanacháin, teachta dála díreach nuathofa i mBaile Átha Cliath, ag seasamh anois leis na gunnaí móra sa rialtas in aghaidh neodracht agus neamhspleáchas mhuintir na hÉireann? Tar éis féachaint air ar TG4 le tamall anuas bhí mé dearfach gur bulaí fiar a bhí ann, ach anois níl focal uaidh i dTeach Laighean.

Ag súil go mbeidh misneach ag tromlach na dteachtaí dála, muintir Healy-Rae ina measc, seasamh le neamhspleáchas stáit na 26 chontae ar a laghad.

Is mise,

Eoin Ó hEarcáin
Tír Chonaill

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.