Ceist léirithe faoi mhaíomh tithíochta an rialtais

Eoin Ó Murchú

Tá na comhairleoirí faoi chúrsaí maoine, Mitchell McDermott, i ndiaidh buille mór a bhuaileadh ar an rialtas maidir lena ngealltanais i leith na tithíochta. 

Tugtar le fios sa tuarascáil is déanaí ón gcomhlacht ar an earnáil tógála anseo go bhfuil seachadadh tithíochta go maith faoi bhun spriocanna an rialtais agus go dteipfidh orthu an leibhéal 33,000 teach tógtha, a baineadh amach in 2023, a bhaint amach ar feadh trí bliana eile ar a laghad.

Le linn an fheachtais toghchánaíochta, mhaígh Darragh O’Brien, Aire Tithíochta na linne, go mbeadh os cionn 40,000 ionad cónaithe tógtha roimh dheireadh na bliana.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!