An Dream Dearg – grúpa feachtasaíochta ar son na Gaeilge

Cathal Ó Murchú

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Bhunaigh grúpa gníomhaithe teanga sna sé chontae i dTuaisceart Éireann grúpa feachtasaíochta an Dream Dearg in 2017 mar fhreagra ar an easpa tacaíochta d’acht Gaeilge.  Bhí Conchúr Ó Muadaigh agus Ciarán Mac Giolla Bhéin i measc na gceannairí a chuir tús leis an ngluaiseacht seo, a bhfuil sé mar aidhm aici cearta teanga a bhaint amach do chainteoirí Gaeilge.

Bhí géarghá le hacht Gaeilge sa tuaisceart mar gheall ar an easpa cosanta d’úsáid na teanga sa saol poiblí.  Rinne an Dream Dearg feachtasaíocht láidir le haird a tharraingt ar an gceist seo agus bhí an dath dearg ina shiombail ar shlógadh agus aontacht na gluaiseachta.

I measc na ngníomhaíochtaí a d’eagraigh siad bhí mórshiúlta i mBéal Feirste, áit a raibh na mílte ag éileamh cearta teanga, chomh maith le hagóidí agus feachtais ar na meáin shóisialta le teachtaireacht shoiléir, “acht anois!”.  Mar thoradh ar an mbrú seo, gealladh in 2022 go gcuirfí Acht na Gaeilge i bhfeidhm, rud a chiallaigh go mbeadh cosaint dhlíthiúil níos fearr ag an teanga.

Tá obair an Dreama Dheirg fós ar siúl, ag cinntiú go gcuirfear na cearta seo i bhfeidhm i gceart. Tugann an feachtas seo dóchas do phobal na Gaeilge agus léiríonn sé an chumhacht a bhaineann le feachtasaíocht phobalbhunaithe.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cén bhliain ar bunaíodh an Dream Dearg?
  2. Cén fáth ar cuireadh tús leis an bhfeachtas seo?
  3. Ainmnigh beirt cheannairí atá lárnach sa ghluaiseacht.
  4. Cén dath a úsáidtear mar shiombail den fheachtas?
  5. Cad é an phríomhtheachtaireacht a bhaineann leis an Dream Dearg?