Tithíocht ina fadhb don rialtas i gcónaí

Eoin Ó Murchú

Tá cainteanna le rialtas a bhunú faoi lánseol, cé gur cur i gcéill cuid mhaith de sin, mar is iad an dá mhór pháirtí céanna a bheidh sa rialtas nua agus a bhí sa gceann a d’imigh. Níl éinne ag súil le hathrú polasaí ar bith.

Mar sin féin, tá Coimisiún na Tithíochta, ar bhunaigh an rialtas é in 2022, ag rá gur deis chaillte a bheidh ann mura nglacfaidh an rialtas nua le moltaí an Choimisiúin. Mhol an Coimisiún cur go mór le soláthar tithíochta, ag tabhairt le fios go bhfuil easnamh bunúsach suas le 256,000 teach ann.

In 2022 d’infheistigh an rialtas €3.3 billiún i dtithíocht, thart ar 3 faoin gcéad dá bhuiséad iomlán, ach de réir mholtaí an Choimisiúin, ba cheart an figiúr sin a ardú go níos gaire do €5.3 billiún. B’ionann an costas breise a bhainfeadh leis sin agus thart ar 0.7 faoin gcéad den ioncam náisiúnta.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!