Tá córas na ndíolúintí ó staidéar ar an nGaeilge ó smacht

Pádraig Ó Duibhir, Ollamh Emeritus, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Tuairiscíodh le déanaí gur scríobh an Roinn Oideachais chuig iar-bhunscoileanna a raibh líon ard díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge bronnta acu ag lorg míniú uatha ar na cúiseanna ina dtaobh. Dúnadh an dorais i ndiaidh na foghla a bhí i gceist sa bheart seo agus tá sé deacair gan bheith soiniciúil faoi. Bronntar díolúine ó staidéar ar an nGaeilge ar dhá phríomhchúis, i) de bharr míchumas foghlama, nó ii) go bhfuair an dalta a gcuid oideachais thar lear suas go dtí dhá bhliain déag d’aois agus nach raibh deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim.

Bhí bunús éigin ann 50 bliain ó shin díolúine a bhronnadh ar dhaltaí a raibh deacrachtaí foghlama meánacha nó troma orthu. Bhíodh na daltaí sin scartha óna bpiaraí agus is i scoileanna speisialta a fuair siad a gcuid scolaíochta áit nach ndearna siad staidéar ar an nGaeilge.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!