Tá spéis mhór léirithe ag an Uachtarán Donald Trump sa Ghraonlainn a shlogadh isteach sna Stáit Aontaithe, beag beann ar a chomhghuaillithe ECAT, an Danmhairg, a bhfuil flaitheas aitheanta acu ag an gcríoch seo, nó ar bhundúchasaigh na Graonlainne féin. Cé go mbreathnaítear ar an nGraonlainn mar thír fhuar sceirdiúil i gcéin in iarthuaisceart an Atlantaigh le hais an Mhoil Thuaidh gan mórán inti, tuigeann lucht an eolais go bhfuil sí thar a bheith saibhir i dtaobh mianraí agus acmhainní de. Tá féinriail sách suntasach ag an nGraonlainn laistigh de stát na Danmhairge.
Meastar go bhfuil olltaiscí de raon leathan mianraí sa Ghraonlainn, idir rúibíní, ór, iarann, úráiniam, alúmanam, nicil, platanam, tungstan, tíotániam, copar agus mianraí tearcithithreacha a mbaineann fíorthábhacht leo i dtionscal theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide, chomh maith le réimse na nanaitheicneolaíochta, tionscal a bhfuil fás agus éileamh mór i ndán dó amach anseo. Tá cúltaiscí hidreacarbóin cosúil le gás agus ola an-fhairsing ann freisin, cé go bhfuil bac curtha ag an rialtas féinrialach ar thaiscéalaíocht ola agus gáis. Is in earnáil na hiascaireachta is mó atá spéis ag muintir na Graonlainne agus tá an pobal i gcoinne ag cur in éadan róshaothrú na n-acmhainní seo faoi thalamh.