Tá foireann Raidió Rí-Rá ag tabhairt cuireadh oscailte chun cóisireachta dá lucht éisteachta an tseachtain seo chugainn agus cúig lá beo ar FM óna stiúideo nua le ceiliúradh acu.
Beidh Raidió Rí-Rá le cloisteáil ar aerthonnta Bhaile Átha Cliath (105.2fm), Luimnigh (105.5fm), Chorcaí (106.7fm), agus na Gaillimhe (87.7fm) – maraon le gnáthbhealaí éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android – ar feadh na seachtaine seo chugainn.
Tá an tréimhse seo ar FM á reáchtáil mar chuid den bhfeachtas leanúnach atá ag Raidió Rí-Rá a stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg a chur ar aerthonnta náisiúnta ar bhonn lánaimsertha. Mar sin, beidh an stáisiún féin le cloisteáil ar FM 27-31 Eanáir (Dé Luain – Dé hAoine) le sceideal beo ar an aer 7rn – 7in agus cláracha réamhthaifeadta agus ceol istoíche.
Deir Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin go bhfuil an stáisiún “ag léiriú arís agus arís go bhfuil tóir ar stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg, agus gur féidir le Raidió Rí-Rá, a bunaíodh ar an gcúis chéanna sin, an seirbhís a sholáthair.”
Cloisfear craoltóirí reatha Raidió Rí-Rá idir fhoireann agus craoltóirí deonacha ag cur cláracha ceoil, cúrsaí nuachta, ábhar cainte agus siamsaíochta i láthair ó mhaidin go hoíche ar feadh na seachtaine. Anuas ar ghnáthsceideal Raidió Rí-Rá a bhíonn le cloisteáil ar rrr.ie i gcaitheamh na bliana, beidh agallaimh le haíonna speisialta agus ceol beo sa stiúideo.
Tá béim ar leith ar cheol na hÉireann agus ceol na nGael ar sheinnliostaí an stáisiúin a gheallann comhionannas inscne, agus ardán ar leith do cheoltóirí nua na hÉireann.
Deir Emma Ní Chearúil, Bainisteoir an Stáisiúin gur “údar bróid dúinn an sceideal spleodrach snasta atá le craoladh againn a bhuí lenár bhfoireann díograiseach agus craoltóirí iontacha óga a bhíonn ag cruthú ábhar don aos óg féin. Tá tuiscint ar leith againn ar an rud atá ónár bpobal éisteachta agus beidh a scáth sin le cloisteáil ar an aer idir ábhar cainte, rogha ceoil agus na cineálacha cláracha a bheidh á soláthair againn.” Tá foireann an stiúideo ag súil le hidirghníomhaíocht an phobail le linn na tréimhse seo freisin: ar Whatsapp, áit ar féidir glórtheachtaireachtaí, téacsanna agus iarratais cheoil a chur chuig 085 765 3787, agus ag cóisir tí sa stiúideo féin!
Mar chuid den tréimhse FM seo, beidh cóisir tí á reáchtáil ar an Déardaoin an 30 Eanáir chun stúideó nua Raidió Rí-Rá a roinnt lena gcraoltóirí agus lena lucht éisteachta. Beidh fáilte roimh an phobal, roimh cheoltóirí agus roimh éinne a bhfuil spéis acu tabhairt faoin gcraoltóireacht le Raidió Rí-Rá amach anseo freastal ar an gcóisir. Beidh roinnt dá gcraoltóirí ag seinnt ceol beo agus ag craoladh ón ócáid agus iad ar FM. Cuirfear tús leis an cóisir tí ag a 5i.n, Déardaoin an 30ú Eanáir in Fumbally Exchange, D08 Y273.
Deir Bainisteoir Margaíochta Aisling Ní Dhonnabháin (duine den bheirt fostaithe nua lánaimseartha a earcaíodh ag tús 2024) go bhfuil an fhoireann “ag súil go mór le fáilte a chur roimh an phobal bualadh isteach go stúideó nua Raidió Rí-Rá in Fumbally Exchange. Tá sé chomh tábhachtach go mbeadh an spás seo ar fáil do dhaoine óga le Gaeilge i mBaile Átha Cliath chun a scileanna craoltóireachta a fhorbairt agus a fheabhsú agus táimid ag súil leis an stúideó nua a roinnt lenár gcraoltóirí.”
Cloisfear Raidió Rí-Rá ar na minicíochtaí seo thíos, agus ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android:
27 – 31 Eanáir
Dé Luain – Dé hAoine
Beo 7rn – 11in, le cláracha agus seinnliostaí réamhthaifeadta 11in-7rn
- Baile Átha Cliath 105.2fm
- Corcaigh 106.7fm
- Luimneach 105.5fm
- Gaillimh 87.7fm