Tá an lucht an rialtais nua dóchasach faoi ach tá imní fós ar lucht na stocaireachta
Tá cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht luaite sa gclár rialtais den chéad uair le blianta beaga anuas.
Tá dóchas ag lucht an rialtais nua go bhféadfadh sé seo athruithe móra a spreagadh. Ach tá grúpaí stocaireachta, cosúil le Tinteán, théis a rá gur “údar díomá agus feirge” atá ann.
Ag labhairt dó le An Páipéar, dúirt an teachta dála John Connolly (FF) as Gaillimh Thiar gur “sprioc leathan é” an clár rialtais agus tá súil aige gur féidir leis an gcéad rialtas eile an soláthar tithíochta sa nGaeltacht a mhéadú.
Dúirt sé freisin gur aontaigh sé leis an méid a dúirt a chomhghleacaí Pat “The Cope” Gallagher maidir le cumhachtaí tithíochta Údarás na Gaeltachta.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!