Seán Ó Coileáin ar shlí na fírinne

Máire Ní Bheaglaoich

Cé nach raibh Seán Ó Coileáin bainteach le saol na Gaeilge i rith a shaoil oibre, rinne sé éacht sa mhéid a bhain sé amach agus é ag obair go deonach i gCathair agus i gContae Bhaile Átha Cliath ar feadh tamall maith de bhlianta.

Bhí pearsantacht iontach ag Seán. Duine gealgáireach, cairdiúil, ildánach agus praiticiúil a bhí ann, a thug inspioráid agus misneach do lucht na Gaeilge, agus a spreag iad chun obair dheonach a dhéanamh.

D’oibrigh sé go crua agus thiomáin sé chuig imeachtaí Gaeilge ar fud na cathrach agus ar fud na hÉireann. D’eagraigh sé go leor imeachtaí do lucht na Gaeilge i gCluain Tarbh, do na ranganna Gaeilge sa Bhriathar Beo, do Chumann Lúthchleas Gael Chluain Tarbh, do Chlasach, agus bhí sé mar eagraí Éigse Chluain Tarbh sna blianta a raibh an-rath air.

Bhí Seán ag cuidiú go mór leis an Ionad Buail Isteach i mBarra an Teampaill nuair a bhí Scéim na dTeagascóiri Deonacha ar siúl, an Caifé Gaelach i Sráid Amiens agus an iris Nuacht Átha Cliath á fhoilsiú acu.  Bhain sé an-sult as Comóradh Chath Chluain Tarbh in 2014 agus an tIonad Buail Isteach ann ar son na Gaeilge. Bhí Seán sásta cabhrú le gach iarracht deonach, agus bhí sé oibligeáideach, ba chuma cén stró a chuir sé air.  

Bhíodh teacht le chéile aige in Tillys, Cnocán Doirinne. As sin a thosaigh sé, in éineacht le Ben Mac Lochlainn, ag eagrú maidineacha caife ar fud na cathrach, imeachtaí atá fós ar siúl i ngach ceantar de Bhaile Átha Cliath. Bhíodh turasanna bus agus siúlóidí Gaelacha rialta ar siúl ag Seán, go háirithe sna dé chontae, áit a bhfuair sé féin spreagadh ó ghluaiseacht na Gaeilge. Chuidigh sé go mór freisin leis an iris bheag, An Taobh ó Thuaidh, a fhoilsiú agus a dháileadh ar fud Bhaile Átha Cliath.

Bhí grá mór ag Seán don nádúr, agus threoraigh sé siúlóidí dúlra go leor,  go háirithe ar Oileán an Bhulla i gCluain Tarbh. Sa mbliain 2020, d’fhoilsigh Coiscéim ‘Fiadhúlra Oileán an Bhulla’, leabhar álainn le grianghrafanna sár-mhaith, a scríobh Seán i bpáirt le Proinsias Mac an Bheatha.

Ba smaointeoir agus fealsúnaí é Seán freisin, agus chuir sé spéis an-mhór sna héigsí acadúla a bhíodh ar siúl go rialta ag lucht ollscoile. Thairis sin go léir, d’fhreastail sé ar dhamhsa Salsa go rialta, agus thaistil sé ar fud an domhain, aon uair a bhí briseadh aige óna chuid obair dheonach.

Níor theastaigh moladh ná gradam ariamh ó Sheán. Bhí sé sásta oibriú le grúpaí agus gníomhaithe ar bith chun obair dheonach na Gaeilge, chomh maith leis an gceol agus an cultúir, a chur chun cinn, agus a bhuanú don am amach romhainn.

Aireoidh muid uainn thú i saol na Gaeilge a Sheáin, a chara.