Fuair Paddy Hill bás ar 30 Nollaig 2024 agus 80 bliain saothraithe aige. Chaith sé 17 mbliana i bpríosúin i Sasana, in ainneoin é a bheith neamhchiontach i gcoir ar bith, mar a bhí an cúigear a daoradh leis. B’in iad Seisear Birmingham. Ciontaíodh an seisear acu, chomh maith le Ceathrar Guildford, Seachtar Maguire agus Judith Ward, i gcásanna éagsúla. Cuireadh ina leith go léir go rabhadar páirteach i bhfeachtas buamála Shasana an IRA Shealadaigh sna 1970í. Bhíodar go léir neamhchiontach ach ba leor na cásanna, chomh maith leis na hAchtanna um Chosc ar Sceimhlitheoireacht (Prevention of Terrorism Acts), chun formhór de chlann na nGael a bhí ag cur fúthu i Sasana a scanradh chun éirí as agóidí ar son chás na hÉireann, rud a bhí amhlaidh a fhad le tréimhse na stailceanna ocrais.
Bhunaigh Hill an eagraíocht Mojo chun cabhrú daoine neamhchiontacha a shaoradh. Thacaigh sé le feachtas na beirte a daoradh as marú an Chonstábla Steven Carroll in Craigavon in Ard Mhacha. Mhaígh an IRA Leanúnach gurb iadsan a mharaigh é, agus dúirt mionghrúpa Poblachtach easaontach eile, an “Fíor-IRA”, gurbh iadsan a mharaigh beirt saighdiúirí Sasanacha ag Beairic Mhása Ríona i mBaile Aontroma cúpla lá roimhe sin.
Gabhadh John Paul Wootton agus Brendan McConville go luath ina dhiaidh sin, cúisíodh iad as dúnmharú, coinníodh i bpríosún iad ach níor thosaigh an triail go ceann trí bliana ina dhiaidh sin.
Faoin am sin thosaigh fear ag maíomh go bhfaca sé McConville in aice na háite inar maraíodh an póilín ar an oíche chéanna, cé go raibh sé ag cur báistí agus nach bhfuil radharc na súl maith ag an bhfear. B’shin an t-aon fhianaise a bhí ag Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann. Ach bhí ainmneacha na beirte agus a n-aghaidheanna sna meáin le blianta sular tháinig an finné chuig na péas. An cóta a chonaic sé ba de shaghas agus dath ar leith é seachas an ceann a dúirt na póilíní a bhí ar McConville. Dhiúltaigh céile an fhinné a bhí leis nuair a dúirt sé go bhfaca sé McConville tacú lena scéal. Dúirt athair an fhinné gur saghas Walter Mitty a bhí in a mhac. Agus d’admhaigh na péas go raibh siad á íoc. Fuarthas raidhfil AK47 timpeall na háite agus ní raibh méarlorg air ó cheachtar den bheirt a cúisíodh.
Daoradh an bheirt i gCúirt Diplock, gan ach breitheamh amháin ina shuí inti agus gan ghiúiré, in ainneoin nach raibh aon fhianaise ann go raibh baint acu leis an íobartach, gur láimhseáil siad an gunna ná go rabhadar fiú ar an láthair, seachas an méid a dúirt an finné. Gearradh téarma beatha 25 bliain ar McConville agus 14 bliana ar Wootton.
Theip ar a n-athcomharc i mBealtaine 2014 agus cuireadh ceithre bliana breise le téarma Wootton. Bhí Gerry Conlon (as Ceathrar Guildford) ar buile nuair a tugadh breith an athchomhairc.
Bhí Conlon sáite san fheachtas chun an bheirt a shaoradh ó cuireadh ar an eolas é agus d’fhan sé gníomhach ann go dtí seachtain roimh a bhás i mí an Meithimh 2014. Amhail Paddy Hill, d’aithin Conlon patrún na breithe anabaí. D’aithin an t-abhcóide clúiteach Michael Mansfield é freisin, an t-abhcóide bhí i mbun achomharc Cheathrar Guildford agus Sheisear Birmingham. Dúirt sé, “Nil aon rud ar leith ag baint leis an gcás seo i gcomparáid le haon cheann de na breitheanna anabaí eile agus tá na gnéithe céanna iontu go léir.”
Chaith Seisear Birmingham 18 bliana sa phríosún sular saoradh iad, in ainneoin iad a bheith neamhchiontach. I mí an Mhárta seo chugainn beidh 16 bliana caite i gcarcair ag Beirt Craigavon cheana féin – tá a lán daoine ag cur na ceiste cé mhéad bliain eile de chiapadh a bheidh orthu a fhulaingt?
Nóta: Tá achainí leictreonach ar son na beirte anseo: https://www.change.org/p/ccrc-the-craigavon-2-deserve-justice-now