Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
I mí an Meitheamh 1941 a thosaigh an t-ionradh míleata is mó sa stair. Oibríocht Barbarossa an t-ainm a thug na Naitsithe air. Thosaigh sé ar an 22 mí an Meitheamh agus chuir se tús leis an gcogadh in oirthear na hEorpa le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ghlac thart ar 3 mhillúin saighdiúir páirt san ionradh agus bhí line thosaigh 1,800 míle ar fad ann.
Cé go raibh aontú idir an Ghearmáin Naitsíoch agus an t-Aontas Sóivéadach gan dul chun cogaidh lena chéile, bhí a fhios ag an dá thír go mbeadh cogadh ag teacht go luath. Bhí sé mar phlean ag Hitler concas a dhéanamh ar an Rúis mar gheall ar an idé-eolaíocht a bhí aige ina raibh sé ag iarraidh níos mó spáis cónaithe do lonnaitheoirí Gearmanácha a fháil agus impireacht mhór na Gearmáine a chruthú in oirthear na hEorpa. Ghlaoigh sé “Lebensraum” (spás cónaithe) ar an bpolasaí seo.