Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Cuireadh na chéad chluichí Oilimpeacha ar siúl sa Ghréig sa bhliain 776 RCh. Ina dhiaidh sin, bhíodh na cluichí Oilimpeacha ar siúl gach ceithre bliana. Bhí na cluichí seo an-tábhachtach i saol na Gréige agus bhí siad mar chuid d’fhéile reiligiúnach.  Ghlac na lúthchleasaithe páirt i rásaí, iomrascáil, an léim fhada, an teasc agus an bonsach. Lean na cluichí Oilimpeacha ar aghaidh ar feadh míle bliain, ansin chuir an t-impire Theodosius deireadh leo sa bhliain 394 AD.

In 1896, athbheodh na cluichí Oilimpeacha chun caidreamh agus chomhthuiscint a chothú idir tíortha an domhain. Cuireadh na chéad chluichí Oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl in Aithin na Gréige.

Oscailt na gCluichí Oilimpeacha i Athens i 1896

Tagann fir agus mná óga le chéile ó gach cúinne den domhan chun páirt a ghlacadh sna cluichí idirnáisiúnta seo ar son a dtíortha. Fanann siad le chéile sa bhaile Oilimpeach.

Cuirtear tús le gach Cluichí Oilimpeacha le hoscailt oifigiúil den chéad scoth. Siúlann na lúthchleasaithe timpeall na páirce le glórtha an tslua ina dtimpeall. Tugtar “paráid na náisiún” air seo. Tar éis na paráide, tugann na lúthchleasaithe aghaidh ar an mbratach Oilimpeach agus tugann siad an mionn Oilimpeach. Ansin, lastar an tóirse Oilimpeach sa pháirc Oilimpeach. Tógtar an bhratach anuas agus múchtar an tóirse ag deireadh na gcluichí.

Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cár cuireadh tús leis na Cluichí Oilimpeacha den chéad uair?
  2. Cé a chuir deireadh leis na Cluichí Oilimpeacha sa bhliain 394 AD?
  3. Cathain a athbheodh na cluichí Oilimpeacha?
  4. Cá bhfanann na lúthchleasaithe Oilimpeacha?
  5. Cad a thugtar ar an tsiúlóid mhór le linn na hoscailte oifigiúla?
  6. Cad a dhéantar ag deireadh na gcluichí?

Ceapadóireacht 

Samhlaigh go bhfuil tú i do lúthchleasaí i mbun traenála do na Cluichí Oilimpeacha. Beidh tú ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann. Cén spórt a imríonn tú? Céard iad na mothúcháin atá agat agus tú i mbun ullmhúcháin?