Margadh déanta agus rialtas nua ar an mbealach

Tacóidh na Neamhspleáigh Réigiúnacha agus na deartháireacha Healy-Rae leis an rialtas nua ach ní cheapfar aon duine acu mar Aire Sinsearach

Bill Breatnach

Tá margadh déanta ag Fianna Fáil, Fine Gael, an Grúpa Neamhspleách Réigiúnach agus na deartháireacha Healy-Rae le rialtas nua a bhunú.

Beidh Fianna Fáil i gceannas ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge, réimse a bheidh faoi chúram ag roinn nua do ghnóthaí pobail, tuaithe agus Gaeltachta.

Beidh díomá ar an nGrúpa Réigiúnach nár éirigh leo an ról seo a bhaint amach ach tuairiscíodh go raibh na páirtithe móra drogallach an roinn seo a thabhairt do neamhspleách de bharr an bhuiséid mhóir a bhfuiltear ag súil leis sna blianta romhainn.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!