Domhnall Mac Concharraige

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Seo chugainn an t-earrach. Agus Lá Fhéile Bríde buailte linn tosóidh na laethanta ag éirí níos faide agus de réir a chéile (tá súil againn) beidh na laethanta níos teo. Go traidisiúnta is é Lá Fhéile Bríde an chéad lá den earrach in Éirinn. Tá go leor nósanna agus staire taobh thiar den lá cáiliúil seo, foghlaimeoidh muid fúthu san alt seo.

Tobar Naomh Bríd i gCill Áir, An Chuilín, Co. na hIarmhí

Blianta fada ó shin in Éirinn cheiliúrtaí féile darb ainm Imbolc. Sa lá atá inniu ann céilúrtar Lá Fhéile Bríde tráth an ama chéanna. Caithfimid labhairt faoi Bhríd. Is bandia Gaelach í Bríd agus bhí an-ghrá ag muintir na hÉireann di sular tháinig an Chríostaíocht chun na tíre. Duine de Thuatha Dé Danann is ea í, iníon leis an Daghdha. Tar éis fhás na Críostaíochta in Éirinn glacadh isteach í mar naomh. Ta an-chuid cosúlachtaí idir Bríd an bandia agus Bríd an naomh. Deirtear gur rugadh sa cheantar a bhfuil Contae Lú anois an Bhríd dhaonna seo sa chúigiú haois, agus go bhfuair sí bás sa séú haois sa cheantar a bhfuil Cill Dara anois. Tá tobar naofa fós i bhFochaird i gContae Lú atá tiomnaithe di, agus deirtear gur bhunaigh sí mainistir i gCill Dara. Tá crosóg Bhríde le feiceáil ar gheansaithe CLG an Lú agus Chill Dara, rud a léiríonn go bhfuil an-ghrá ag na daoine sna contaetha sin do Naomh Bríd.

Ceisteanna buntuisceana

1.    Cén dáta é an chéad lá den earrach in Éirinn go traidisiúnta?
2.    Cén fhéile Ghaelach a dhéantaí a cheilúradh ar an lá céanna blianta fada ó shin?
3.    Scríobh dhá phíosa eolais a bhaineann le Bríd an bandia.
4.    Scríobh dhá phíosa eolais a bhaineann le Bríd an naomh.
5.    Cé acu contaetha a bhfuil crosóga Bhríde le feiceáil ar a ngeansaithe CLG?

Ceapadóireacht

Scríobh díospóireacht bunaithe ar an ráiteas “Tá nósanna ar nós Lá Fhéile Bríde agus Imbolc fós tábhachtach sa lá atá inniu ann”.