Ar an 11 mí Eanáir cuireadh Kevin Hannaway, fear cochaill, agus poblachtánach iomráiteach, i Reilg Bhaile an Mhuillin in Iarthar Béal Feirste. Bhí Kevin ar dhuine de cheithre dhuine dhéag a d’fhulaing de bharr céasadh ag na Briotanaigh in 1971. Ar feadh blianta fada dhiúltaigh rialtas na Ríochta Aontaithe a admháil gur céasadh a bhí ann, ach in 2021 dúirt Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londain gurbh ea. Chaith Hannaway go leor ama i mbun feachtasaíochta ar son an chirt in éineacht lena chomrádaithe.
Bhailigh iarchimí, fir phluide, agus daoine a imtheorannaíodh le chéile ag a thórramh chun ómós léiriú dó. Agus an chónra ar an tsráid lasmuigh de theach mhuintir Hannaway cuireadh brat na hÉireann, lámhainní, agus beiré uirthi mar chomhartha urraime. D’iarr Hannaway go pearsanta go mbeadh garda onóra in aice lena chónra agus fuair sé sin.
Thug Gráinne Mhic Craith, poblachtánach agus gníomhaí de chuid Chumann Leasa Cimí Poblachtacha Éireannacha ó Bhéal Feirste an phríomhóraid inár dúirt sí go raibh Kevin “chun cinn sa troid chun Éire a shaoradh agus impiriúlachas na Breataine a bhaint”. Labhair Stephen Murney, Cathaoirleach Saoradh, i gcoinne na slí ar lamhsheáil an Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann an tsochraid agus an tórramh. Ceistíodh an-chuid daoine lasmuigh de theach an tórraimh, agus bhí drón ag eitilt lasnairde nuair a bhí an tsochraid agus an tórramh ar siúl.