Imní á léiriú fá cheapachán Mervyn Storey mar chathaoirleach an Údaráis Oideachais

Tá imní á léiriú faoi chinneadh Aire Oideachais Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, Paul Given, comhghleacaí dá chuid sa Pháirtí Aontachtach Daonlathach, Mervyn Storey, a cheapadh mar chathaoirleach nua ar bhord an Údaráis Oideachais.

Is é an tÚdarás Oideachais atá freagrach as a chinntiú go bhfuil seirbhísí oideachais bunscoile agus iar-bhunscoile ar fáil i sé chontae oirthuaisceart na tíre, chun riar ar riachtanais páistí agus daoine óga, agus tacú le soláthar seirbhísí óige atá éifeachtúil agus éifeachtach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!