Maraíodh seisear ban in Éirinn laistigh de mhí go leith i rith na Nollag – fir a mharaigh achan duine acu.
1 Nollaig 2024: D’ionsaigh triúr fear Vanessa O’Callaghan go dona in ionad seirbhíse do dhaoine gan dídean i gCorcaigh. Fuair sí bás óna gortuithe.
15 Nollaig: Fuair Searon Naughton bás tar éis dá fear céile í a ionsaí ina baile féin i nGaillimh.
20 Nollaig: Thángthas ar bhean óg, Paula Lawlor ag a baile féin i Loch Garman, í ionsaithe go foréigeanach. Creideann na Gardaí go raibh “níos mó ná cúis amháin” lena bás.
30 Nollaig: Maraíodh Mirjana Pap, bean a deirtear a d’oibrigh le cineáltas in Ionad Lóistín Bhaile Átha Luain. A mac féin a mharaigh í.
3 Eanáir 2025: Mharaigh fear Paula Canty ina hárasán féin i gCorcaigh trí lá roimh a 32ú breithlá.
11 Eanáir: Maraíodh Annie Heyneman – a mac féin a mharaigh ise freisin. Rinne sé iarracht a athair a mharú freisin.
Seisear ban maraithe ag fir ar fud na hÉireann laistigh de 42 lá. Cá bhfios cé mhéad eile nár chualathas futhu, a ionsaíodh ach nár maraíodh, a d’fhulaing go síceolaíoch seachas go fisiciúil.
Má mheas tú go raibh an-chuid drochscéalta d’fhoréigean na bhfear in aghaidh na mban i rith an tséasúir, ní raibh dul amú ort.
Tá an Nollaig, cosúil le go leor féilte agus mórimeachtaí eile, ar cheann de na tréimhsí is measa agus is dáinséirí d’íospartaigh foréigin baile. Faigheann Cúnamh do Mhná in Éirinn níos mó glaonna i rith na Nollag gach aon bhliain. Luaitear cúiseanna éagsúla leis seo – breis alcóil agus struis nó níos mó ama sa bhaile gan tacaíocht ó chomghleacaithe nó cairde.
Tá rannóg speisialta ag Cabhair do Mhná ar a suíomh do mhná torracha toisc an méadú foréigin a tharlaíonn do mhná torracha freisin. Bíonn fógraí i leithris na n-oispidéal máithreachais ag impí ar mhná cabhair a lorg má tá siad i mbaol.
Laistigh de na trí bliana ó maraíodh Ashling Murphy deir Cabhair do Mhná gur maraíodh 26 bean eile go foréigeanach in Éirinn. Dár le Femicide Watch de chuid Chabhair do Mhná, b’fhir a raibh aithne acu orthu a mharaigh 87% acu.
Deir na Náisiúin Aontaithe go maraíonn páirtí nó ball teaghlaigh bean gach 10 nóiméad go domhanda.
Tá go leor is féidir a dhéanamh le dul i ngleic le fadhb fhoréigean na bhfear agus líon na ndúnmharuithe a laghdú.
Sa Ríocht Aontaithe tá dlí ann dar teideal Clare’s Law. Dá réir is féidir le duine a fháil amach faoi stair foréigin duine eile. Cuidíonn sé sin do dhaoine a fháil amach faoin mbaol sula dtiteann siad i ngrá, sula mbogann siad isteach leis an ionsaitheoir, sula n-éiríonn a saol fite fuaite lena chéile. Dá mba rud é go raibh a fhios ag Clare Woods faoi stair a páirtí, seans go mbeadh sí beo inniu.
Ba mhaith le muintir Jennie Poole, ar mharaigh a iarpháirtí í i bhFionnghlas in 2021, a mhacasamhail de dhlí a thabhairt isteach anseo, Dlí Jennie’s. Rinneadh clár faoi dhúnmharú Jennie sa tsraith Marú ina Measc anuraidh ar TG4 agus tháinig clár eile amach fuithi ar Netflix le gairid mar chuid den tsraith My Lover My Killer. Tá a muintir ag obair go dian chun nach dtarlóidh a leithéid do mhná eile.
Maraíodh Jennie tar éis di deireadh a chur lena caidreamh. Rinne sí gach a deirtear gur cheart a dhéanamh, in ainneoin a dheacra is atá sé, agus cailleadh í fós féin. Bíonn mná go mór i mbaol faoin am a bhfágann siad páirtithe foréignacha, mar sin caithfear iad a chosaint níos luaithe ná sin le dlithe mar seo. Más féidir leo éalú, caithfear tacaíocht agus spásanna sábháilte a thabhairt dóibh, agus éisteacht leo.
Tá níos mó tacaíochta agus caiteachais phoiblí de dhíth ó eagraíochtaí a oibríonn go dian chun daoine a chosaint agus an t-uafás seo a laghdú – Cabhair do Mhná, White Ribbon, Cabhair d’Fhir agus araile.
Caithfear leanúint le hoideachas – sa bhaile, ar scoil, sa phobal, le hóg agus aosta, go dtuigfimid uile an chomhthoil agus na comharthaí go bhfuil duine foréignach nó go bhfuil caidreamh baolach.
Caithfear díriú orthu siúd a dhéanann an drochíde, agus oideachas a chur ar dhaoine faoi bhealaí le plé le fearg agus meabhairshláinte.
Caithfear na dlithe ar na hábhair seo a imscrúdú agus a uasdátú, agus pionóis níos géire a ghearradh ar dhrochídeoirí.
Tuigeann fir foréigean na bhfear agus an baol atá leis freisin. Formhór na bhfear atá ag léamh an ailt seo, beidh scanradh orthu roimh fhear eile ag pointe éigin.
Ní hé an cineál céanna baoil nó eagla é go díreach. Tá mná i bhfad níos mó i mbaol ina mbailte féin, níos mó i mbaol a ndúnmharaithe agus cuid mhór díobh siúd a dhúnmharaítear, is i ndiaidh tréimhsí fada drochíde bhaile a tharlaíonn an buille marfach.
Tuigeann fir an foréigean áfach. Laistigh de chúpla lá i lár mhí Eanáir fágadh beirt fhear i mbaol a mbáis tar éis ionsuithe in Éirinn. Ceathrar fear agus bean amháin a gabhadh as na hionsuithe.
Mar sin is rud é foréigean na bhfear is féidir linn uile a thuiscint agus a phlé go hionraic lena chéile chun iarracht a dhéanamh deireadh a chur leis.
Is féidir linn uile muid féin a chur ar an eolas, ár súile agus cluasa a oscailt do na fadhbanna seo, súil a choinneáil amach do na comharthaí agus lámh chúnta a shíneadh amach nuair is gá.
Má tá tú féin nó duine ar d’aithne i mbaol, is féidir tacaíocht a fháil ó Chabhair do Mhná ag 1800 341 900 (Poblacht na hÉireann) nó 0808 802 1414 (Tuaisceart Éireann) [do mhná] nó 1800 816 588 (Poblacht na hÉireann) nó 0289024 1929 (Tuaisceart Éireann) [d’fhir].