Glanadh an Earraigh

A Eagarthóir, a chara,

Gach bliain tagann mí Eanáir agus gach bliain nílim réidh dó!

Tagann Eanáir, le stoirm agus beagáinín fuachta. Bím ag suí síos ag breathnú isteach i mo chupán tae, nó ag scríobh liostaí fada “le déanamh”; nó níos measa fós, ag gruaimscrolláil ar fhiseáin YouTube.  ‘Caithfidh me leanúint ar aghaidh’ a deirim liom féin. Féachaim suas ó mo chupán tae agus feicim na boscaí, na cártaí, na maisiúcháin Nollag, na páipéirí agus mar sin de, scaipthe timpeall an árasáin bhig ina bhfuilim i mo chónaí.

Le tús gach bliana tagann an gá le glanadh mór – Glanadh an Earraigh! Mise, mé féin, déanaim trí shliabh le sortáil i lár an tseomra suite. Tá sliabh beag a haon déanta suas de rudaí le coinneáil. Tá an dara sliabh beag déanta suas de rudaí le tabhairt chuig siopa Naomh Uinseann de Pól, agus an tríú sliabh don athchursáil agus don bhosca bruscair.

An smaoineamh taobh thiar den chleachtas seo ná go mbeidh mé fágtha le haon trian den truflais/brúscar/fuaile faile ag deireadh an lae. Se, tá sé an-mhealltach – GACH UILE RUD a choinneáil, ach óchón – ná déan é!  Ní bheidh spás faoi do chosa !

B’fhearr i bhfad píosa spás folamh nó fiú píosa feng shui a bheith agam san árasán!  Is mothúchán álainn éadrom é, i mo chroí, nuair a bhíonn an t-árasán chomh glan agus chomh réitithe is gur féidir liom a dhéanamh. Is é an mothúchán seo a thugann inspioráid dom an t-am a chuir isteach chun glanadh mór an earraigh a dhéanamh.  

Gach bliain tagann Eanáir agus gach bliain nílim réidh dó !  Ach mar a deireann siad “caithfidh an seó dul ar aghaidh”.

Le meas,
Bríd Nic Uidhir
(Baile Átha Cliath 4)


Turas Gaeilge

A Eagarthóir, a chara,

Bhí mé ag obair le ríomhairí agus teicneolaíocht na faisnéise ar feadh fiche bliain nuair a rinneadh mo phost iomarcach in 2021. Ní raibh mo chroí san obair ar feadh na mblianta agus, le hairgead i mo phóca, bhí mé in ann a bheith ag smaoineamh faoi rudaí nua. Ag an am ní raibh mo mhac ach ceithre bliana d’aois agus bhí mé ag cabhrú foirne Chumann Lúthchleas Gael agus sacair a thraenáil 

Ar dtús thosaigh mé ag smaoineamh faoi phost mar chúntóir riachtanas speisialta agus chríochnaigh mé cúrsa i mí na Bealtaine in 2022. Dúirt an chéad scoil nuair a bhí mé ag lorg oibre go bhfuil mé in ann a bheith ag obair mar mhúinteoir le mo chéim agus mo thoradh sa Ardteistiméireacht. Fuair mé mo thoradh Ardteistiméireachta in 1996. Bhailigh mé an t-eolas agus chláraigh mé leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Is sprioc eile é caighdeán mo Ghaeilge a fheabhsú. Tá suim agam i gcónaí sa Ghaeilge ó thaobh na logainmneacha nuair a bhím ar thuras nó ag féachaint ar chlár faisnéise nó ar chluiche ar TG4, ach bhí an spéis sin neamhghníomhach. Thosaigh mé le cúrsa ar líne ag IrishwithMollie.com agus d’fhreastail mé ar chúrsa in Ollscoil Chorcaí. Tá ardmholadh agam don chúrsa IrishwithMollie, ach ní hamháin go bhfuilim ag déanamh cúrsa, táim páirteach i bpobal athbheochan na teanga. Is éard is fearr ná go bhfuil mé in ann teachtaireacht as Gaeilge a sheoladh ó dhuine go duine. D’fhreastail mé ar chúrsa Gaeltachta i nGleann Cholm Cille i dTír Conaill leis an ngrúpa Oideas Gael an samhraidh seo caite freisin.

Caithfidh mé agallamh le Hibernia a dhéanamh arís mar níor éirigh liom fós é a fháil. Thaitin an turas go mór liom agus tá deis agam spreagadh a fháil mo theanga a úsáid. Beatha teanga í a labhairt.

Le meas,
Daithí Fay


Ba chóir diúltú don eiseachadadh polaitiúil

A Eagarthóir, a chara,

Ní raibh cloiste agam faoi chás an fhir ó Chorcaigh, Seán Walsh, go dtí gur léigh mé An Páipéar Dé hAoine seo caite. Is cosúil go bhfuil bagairt eiseachadta air, mar phríosúnach polaitiúil, go dtí na sé chontae agus réimeas mídhaonna Mhaigh gCabraí.  

Is eiseachadadh polaitiúil atá i gceist anseo, rud atá contúirteach go ginearálta, ós rud é go bhfuil sé ag brath ar pholasaí pé régime atá i gcumhacht i ngach tír, agus an brú orthu ó chumhachtaí móra an domhain.

I gcás an Uasail Walsh, faoi réiméas phríosún Mhaigh gCabraí bheadh sárú a dhéanamh ar a chearta daonna le lomchuardach, é a bheith faoi choinneáil ina aonair agus polasaí oscailte frith-Ghaelach an phríosúin sin.

Tá cás eile tagtha chun cinn anois freisin, cás Martin McCauley ó Thriúr na Colóime. Is cosúil gur daoradh é le heiseachadadh go dtí na sé chontae, agus é le ceistiú faoi eachtra a tharla ag tús na 1980í. Ní hamháin go bhfuil bagairt dhrochréimeas phríosún Mhaigh gCabraí air, ach tá rialtas na Colóime ag iarraidh téarma fada príosúin a chur air, agus gach seans go dtabharfaidh dlinse Shasana ar láimh dóibh é.

Tá eagrais cearta daonna agus cearta sibhialta lag sa tír seo le tamall anuas, agus spriod na haoise ag díriú ar an duine aonair seachas rath an phobail. Tá sé thar am anois dúinn go léir seasamh go láidir ar an cheist seo agus brú a chur ar eagraíochtaí cearta daonna agus sibhialta éileamh ar an stát stop a chur leis an eiseachadadh polaitiúil.

Le meas,
Proinsias Ní Mhurchú
Ionad Buail Isteach, BÁC 2


Bigil in aghaidh ECAT agus PESCO

A Eagarthóir, a chara,

Maidir le litir agus ceisteanna Phroinsias Ní Mhurchú, toisc gur lú an líon brúghrúpaí atá ag feidhmiú le blianta beaga anuas, agus ná bíonn an oiread cruinnithe ann, bheadh sé go maith dá gcoimeádfadh grúpaí neodrachta le chéile mar tá Gaelainn ag ar a laghad a leath acu agus bíonn eolas dátheangach le fáil.

Beidh an chéad bhigil eile i gcoinnibh ECAT agus PESCO ar siúl lasmuigh den Dáil ar an gCéadaoin an 19 Eanair. Beidh bileoga eolais dátheangacha le fáil agus beidh fáilte roimh dhátheangachas ann. Beidh polaiteoirí i láthair.

Maidir leis na ceisteanna eile a tharraing Proinsias anuas, b’fhiú teora luais 60km san uair a chur ar bun do charranna chun an scrios ar na bóithre a laghdú.

Baineann Bánú na Gaeltachta le gach Gaeltacht, agus fiú amháin le daoine lasmuigh des na Gaeltachtaí. Mar sin, d’fhéadfaidís oibriú as láimh a chéile, ach braitheann san ar lucht stiúrtha na heagraíochta.

Is eagraíochtaí deonacha iad so fós agus coimeádaimís mar sin iad! Ní neart go cur le chéile!

Le meas,
Máire Ní Bheaglaoich