Cá bhfuil an Ghaeilge? Easpa Forógraí as Gaeilge in Olltoghchán 2024

Tá áthas agus dóchas agam go bhfuil Dara Calleary ceaptha mar aire sinsearach, freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, agus seo an chéad uair dá leithéid ó 2011. Is léir go bhfuil suim mhór ag Dara i gcúrsaí Gaeilge agus líofacht réasúnta maith aige i mbun agallaimh go rialta. Molaim an obair a dhein Eamon Ó Cuív ar son na Gaeilge, tacaíocht ollmhór ab ea a chuid iarrachtaí gan stad i bhforbairt na Gaeilge 

Le meas,
Eilís Uí Bhriain
Caisleán Uí Liatháin
Co. Chorcaí


Todhchaí na Gaeilge

A Eagarthóir, a chara,

De réir thoghcháin áitiúla 2019, chreid formhór na ndaoine a chaith vóta go raibh tábhacht ag baint le húsáid agus beocht na Gaeilge. Léirigh staitistic an vóta imeachta é seo, le 60% de dhaoine ag léiriú go mba chóir go mbeadh an Ghaeilge á spreagadh agus in úsáid. Is léir nár tugadh mórán airde air seo le linn Olltoghcháin 2024 mar bhí fíor-easpa forógraí as Gaeilge le linn na dtorthaí. Ach é seo ráite, ní féidir dearmad a dhéanamh ar an gclár Vóta 2024 a chuir Siún Nic Gearailt agus Eimear Ní Chonaola i láthair ar TG4 is na torthaí ag teacht isteach ó chian agus ó chongar ar fud na tíre. Bhí painéal saineolaithe acu ar an gclár a rinne plé ar na torthaí as na dáilcheantair go léir timpeall na tíre. Ar an bpainéal seo bhí réimse leathan daoine ó achan pháirtí ann. Ina measc, bhí Liadh Ní Riada, feisire Eorpach de chuid Shinn Féin, Alan Dukes, a bhí ina cheannaire ar Fhine Gael, agus Pádraig Ó Céidigh, a bhí ina sheanadóir neamhspleách. Faraor, ní raibh an clár ar siúl ach ar an 30 Samhain agus ar an gcéad lá de mhí na Nollaig. Chomh maith leis seo, bhí an clár Lá an Chomhairimh ar Raidió na Gaeltachta ar an 30 Samhain.

Nuair a chuireann tú é seo i gcomparáid lena bhforógraí a bhí ar fáil as Béarla, nochtaítear éagothromaíocht láidir a bhí ann idir tuairisciú as Béarla agus as Gaeilge. Ar an gcéad dul síos, thosaigh tuairisciú as Béarla ar an olltoghchán ón tsoicind a fógraíodh é. Mar shampla, bhí tú in ann forógraí Béarla RTÉ a ghabháil ar an teilifís 24/7. Ó 9 a.m. ar an gcéad lá den chomhaireamh, bhí tú in ann éisteacht leis na torthaí beo le Katie Hannon agus Sarah McInerney. Freisin, bhí an clár Upfront Election 24 ar fáil ar an gcéad lá de mhí na Nollag. Ó thaobh an raidió de, chraol RTÉ Raidió 1 na torthaí beo thar an deireadh seachtaine le Claire Byrne. Freisin, bhí podcraolta ag RTÉ ag déanamh anailíse ar na torthaí agus, fiú, bhí mapa idirghníomhach dos na dáilcheantair acu chomh maith. Bhí na forógraí Béarla i bhfad níos insroichte ná na cinn as Gaeilge. Is léiriú é seo ar an nganntanas a bhí ann ar thuairisciú Gaeilge agus anailís bheo faoin olltoghchán, go háirithe tar éis la an chéad chomhairimh.

Cuireann sé seo in iúl dúinn nár tugadh lár stáitse don Ghaeilge agus an toghchán á reáchtáil ar chor ar bith, bádh é san olltuarisciú Béarla a rinneadh ar an olltoghchán. Is mór an trua é seo mar gur léirigh vótáil an toghcháin roimhe seo an tábhacht a léirigh an daonra vótála don Ghaeilge. Cruthaíonn sé seo comhrá faoi thábhacht na Gaeilge sna meáin agus i gcúrsaí reatha.

Le meas,
Saoirse Bhreathnach
Cóipeagarthóir Gaeilge