Guí don athbhliain

A chara,

Is iad seo mo thrí ghuí don athbhliain ná an triúr deirféar ó Chontae na Mí, Mór, Leor agus Lorgan, a chur isteach i bpálás i dTeamhair, chun an tír a stiúrú go ceann bliana.

“Tá Mór ina suí” a deirtí le héirí na gréine. Tá ainm Mhóire sa bheannú fós, “Móra dhuit ar maidin,” “Móra dhuit a éinín, ag léimeadh ó chrann go crann”. Tá ómós ag baint lena hainm. Post onórach a bheadh ann agus ní bheadh aon tuarastal ag gabháil leis.

Don Roinn Oideachais, clár iomlán de chultúr na hÉireann le staidéar a dhéanamh air, léamh, scríobh, ceapadóireacht, ceol, rince, amhráin, ó na réigiún féin agus stair agus tíreolas na háite.

Mórtas a chur in áit an bhróin; mol an óige. Chun oiliúint a thabhairt do leanaí ar bheith síochánta le chéile, theastódh clár a bheadh bunaithe ar neamhfhoréigean agus ar staidéar na síochána. Ní mór tosnú sa naíonra, bealaí síochánta chun fadhbanna agus easaontas a réiteach. Aigne fholláin i gcorp folláin.

Tá leanaí an-ghéarchúiseach agus tuigeann siad rudaí ar shlí shimplí. Caithfear a bheith fírinneach leo agus ní fios cad is dóigh leo mar gheall ar an gcogaíocht go léir sa domhan.

Ach labhairt go hoscailte leo, gan bheith ag bréagmholadh “ceannairí” gan phrionsabail. Fúinne atá sé an fhírinne a rá agus gan bheith ag leanúint siollabas gan dúchas.

Tá Éire suaithinseach agus ár dteanga agus ár stair féin againn. Tá an córas polaitíochta dhá thréigint agus dhá mhaslú go laethúil. Tá gníomh dearfa ag teastáil.

Níor mhiste scéim na gcainteoirí Gaelainne a thabhairt thar n-ais.


Mise le meas,
Máire Úna Ní Bheaglaoich


Freagraí ar Litreacha na Nollag

A Eagarthóir, a chara,

Thug mé suntas do dhá litir a d’fhoilsigh An Páipéar le gairid, ceann maidir leis an toghchán seo caite, inár luadh cearta na Gaeilge, neodracht agus go leor eile. Tá pointí an-láidir déanta inti, agus ba mhaith liom ceist a ardú faoi na feachtais atá ar bun, nó fiú le bunú, maidir leo.  

Arbh fhearr don Ghaeilgeoir aonair dul isteach le feachtas atá ar siúl cheana féin, cé nach mbíonn sé éasca sin a dhéanamh go minic. Tá feachtas BÁNÚ na Gaeltachta ar fheabhas, ach cén chaoi gur féidir le Gaeilgeoirí na tire a dtacaíocht a léiriú? Seans gur brúghrúpa amháin atá ann, ach an é sin an modh oibre is éifeachtaí le spriocanna a bhaint amach? 

Tá sé deacair a bheith páirteach, agus tacú le gach dea-chúis, ach tá tábhacht ar leith ag baint le títhíocht sa mbaile do mhuintir na Gaeltachta. Ta feachtais na Palaistíne, agus feachtais ar son neodracht na hÉireann ar siúl trí Bhéarla, ach fáilte roimh lucht na Gaeilge – ach ar cheart dóibh grúpaí Gaeilge a bhunú, taobh istigh de na feachtais seo ?

Maidir le siúl ar na bóithre faoin dtuath gan chosáin, litir in An Páipéar tráth na Nollag, caithfidh an duine a dhéanann sin a bheith réidh le bás a fhulaingt, go háirithe san oíche.  Ar ndóigh, an príomhchúis ná luas tráchta. 

Tá fógraí 100 ciliméadar san uair crochta ar chuid mhór bóithre beaga tuaithe, bóithre nach féidir le dhá charr dul thar a chéile, agus gan áit ar bith do lucht siúil nó rothaíochta.  

Maraíodh go leor daoine a bhi ag siúl nó ag trasnú bóithre an Nollaig seo, agus is de bharr luas tiomána a tharla sin. An chéad rud atá le déanamh ná luas tiomána a ísliú go mór. 

Tá fógraíocht, agus bagairt dlí triailte le fada, tá an t-am ann anois srianta a chur isteach in innill charranna na hÉireann, ionas nach féidir tiomáint thar 60 ciliméadar san uair.   

Is mise,
Proinsias Ní Mhurchú
BÁC 2