An tAos Óg agus an tAthrú Aeráide

Rugadh gan ghuth muid. Tógadh gan vóta muid. Anois, tréigtear muid i ngéarchéim aeráide de dhéantús seanpholaiteoirí. Ní bheidh éalú againn riamh mura dtugaimid an ceart do na glúine níos óige a dtoghchaí a chinneadh.

Seathrún Sardina

Rugadh gan ghuth muid. Fiche nó tríocha bliain ó shin. Bhí an eolaíocht soiléir le blianta fada roimhe sin fiú – ach ba chuma. Bhí baol an chliste aeráide fós i bhfad uainn. Rinneadh neamhaird de.

Tógadh gan vóta muid. Nach mór 20 bliain caite ag fanacht ar cheart vótála. D’éirigh an ghéarchéim aeráide ní ba mheasa fós – tinte, stoirmeacha, ganntanas uisce agus tuilte. Ach arís eile, bhí baol an chliste aeráide fós i bhfad uainn. Rinneadh neamhaird de.

Anois, tá an géarchéim aeráide linn. Táimid díreach ar tí dul thar théamh 1.5C, rud a chuirfeas an domhan uilig i dtreo an bháis. Tá ní tinte, na stoirmeacha, an ganntanas uisce, agus na tuilte i bhfad amach níos measa ná mar a samhlaíodh riamh. Ach do pholaiteoirí ár linne, is cuma. Ní orthu a bheas an cliseadh aeráide; is é an t-aos óg a bheas thíos leiis níos mó ná dream ar bith eile. Do na polaiteoirí, daoine níos sine nach mór chuile dhuine acu, tá baol an chliste aeráide fós i bhfad uathu. I gcónaí i bhfad uathu. Déantar neamhaird de.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!